Cuireadh chun cairdis! Tacaigh linn! Tar linn! Bí linn!
Meán Fómhair 29, 2016
An bhfuil paisean agat don amhránaíocht, don scéalaíocht, don damhsa, dár n-oidhreacht?? Má tá, ar mhaith leat a bheith mar chara leis an Oireachtas? Tá sé mar sprioc againn 100 chara nua a mhealladh roimh mheán oíche, 30 Meán Fómhair 2016. Cláraigh linn roimhe sin chun an leas is fearr a bhaint as na buntáistí atá ar fáil. Cabhraigh linn ár scéalta féin a chruthú agus stampa a chur ar obair na heagraíochta mar a rinne ár sinsearaí romhainn. Grá don Teanga, Grá don chultúr!
Níl ort ach €100 a íoc do na buntáistí a leanas:
- Crannchur speisialta do lóistín deireadh seachtaine ag Oireachtas na Samhna;
- Oll-thicéad na Féile;
- Clár na Féile;
- Aitheantas i gclár na féile;
- Nuachtlitir rialta ón Oireachtas leis na scéalta is déanaí;
- Lacáistí ar thicéid d’ imeachtaí eile an Oireachtais.
Cláraigh linn ar: http://www.antoireachtas.ie/an-toireachtas/sintius.html.
Glac lenár gcuireadh chun cairdis! Tacaigh linn! Tar linn! Bí linn!