Méid an Téacs

CURAIDH FÉILE PEILE GAEL LINN ÓN MHUILEANN gCEARR!

Bealtaine 16, 2016

Bhí ríméad ar fhoireann peile Ghaelscoil an Mhuilinn, An Mhuileann gCearr,  tar éis dóibh Féile Peile Gael Linn a bhuachan.  Is i Ráth Chairn ghlas na Mí a bhí féile Laighean ar siúl, Dé Máirt 10, agus Dé Céadaoin, 11 Bealtaine 2016.

An Muileann gCearr

Is iad foireann Gaelscoil an Mhuilinn, An Mhuileann gCearr, a thug leo Corn Gael Linn ag Féile Peile Gael Linn i Ráth Chairn le déanaí !  Fuaireadar an ceann is fearr sa Chraobh ar fhoireann Ghaelscoil Uí Riada, Cill Chóca,  agus bhí ríméad an domhain orthu!

Is ar Dé Máirt, 10 agus Dé Céadaoin, 11 Bealtaine a bhí an fhéile peile ar bun – an chéad cheann den tsraith bhliantúil cúige a eagraíonn Gael Linn do Ghaelscoileanna agus bunscoileanna Gaeltachta. Bhí suas le160 scoláire ar fad ó ocht scoil, mar aon lena gcuid múinteoirí, i Ráth Chairn don ócáid taitneamhach seo – Scoil na gCeithre Máistrí, Áth Luain, Gaelscoil Uí Riada, Cill Chóca, Gaelscoil Chill Dara,  Gaelscoil Thulach na nÓg, Dún Búinne, Gaelscoil an Mhuilinn, An Mhuileann gCearr,  Gaelscoil Phort Laoise, seaimpíní na bliana seo caite, Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc, Ceatharlach  agus an fhoireann baile, Scoil Uí Ghramhnaigh,  Ráth Chairn. Bhí an aimsir go breá, agus na scoláirí ar bís le gabháil chun páirce !

Roinneadh na foirne i ndá ghrúpa de cheithre fhoireann an ceann.  Bhí dhá chluiche le himirt ag gach foireann ar pháirc peile Ráth Chairn tráthnóna Dé Céadaoin.  Bhí na foirne meascaithe, le naonúr imreoirí  an taobh, agus de réir na rialacha, bhí sé éigeantach go mbeadh  ar a laghad ceathrar cailíní ar an bpáirc ag gach foireann i rith an ama. Ba é Éanna Ó Conghaile a bhí i mbun riaradh na gcluichí, agus ba air Kevin Ó Conghaile agus Mícheál Mac Donncha a thit jab crua na réiteoireachta !

Nuair a bhí na cluichí thart agus an dinnéar ite, ghlac na scoláirí páirt sa quiz boird, ceolchoirm agus céilí a cuireadh ar siúl dóibh san Ionad Pobail.  D’eagraigh Comharchumann Ráth Chairn lóistín oíche do fhormhór na gcuairteoirí le muintir na háite. Bhí an tríú cluiche le himirt ag na foirne uilig maidin Dé Céadaoin, 11  Bealtaine agus chuaigh buaiteoirí  an dá ghrúpa ar aghaidh go dtí na leathchraobhacha agus ansin an Chraobh Cúige.  Bhí coimhlint mhaith sa chraobh idir pheileadóirí Ghaelscoil Uí Riada, Cill Chóca agus Ghaelscoil an Mhuilinn, An Mhuileann gCearr, ach go háirithe sa chéad leath,  ach bhí bua chuimsitheach ar deireadh ag foireann na hIarmhí, le scór 7- 4 go 1-5.  Bronnadh Corn Gael Linn ar na captaein, Dónal Ó Maoilmhichíl agus Niamh Raeside, agus is cinnte go mbeidh na himreoirí óga ag ceiliúradh go ceann píosa lena múinteoirí, Dara Feirtéar agus Caroline Mhic Róibín,  agus lena lucht tacaíochta !

Agus é ag tréaslú leis na buaiteoirí, dúirt Jamie Ó Tuama, Gael Linn: ‘Is mian leis an eagras deis a thabhairt do dhaltaí ó Ghaelscoileanna agus ó bhunscoileanna Gaeltachta bualadh le chéile ag imeachtaí spreagúla ar nós na féilte peile a eagraímid,  ina mbíonn an Ghaeilge in uachtar mar theanga labhartha.  Táimid i nGael Linn an-bhuíoch de Chomharchumann Ráth Chairn agus don chumann peile áitiúil as ucht a dtacaíochta leanúnach don ócáid bhliantúil seo’

Cuireadh an-fháilte ar ais chun na scoile roimh na curaidh, agus is cinnte go mbeidh na himreoirí óg ag ceiliúradh go ceann píosa  lena gcomhscoláirí!

Críoch

Tuilleadh eolais:  Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie