Méid an Téacs

Deiseanna urraíochta ag Comhdháil Oideachais Gaelscoileanna Teo. 2015

Iúil 21, 2015

Reáchtálfar Comhdháil Oideachais Gaelscoileanna Teo. sa Sheraton, Baile Átha Luain ar an 20 Samhain. Freastalaíonn ionadaithe ó scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre ar an ócáid seo agus tá súil againn go mbeidh ionadaithe ó earnáil na luathbhlianta inar dteannta i mbliana chomh maith. Beimid ag súil le níos mó ná 300 chomhaltaí a bheith i láthair, agus don chéad uair i mbliana ba mhór linn deis a thabhairt dóibh siúd a sholáthraíonn seirbhísí agus tacaíochtaí don earnáil urraíocht a dhéanamh ar gnéithe éagsúla den ócáid.

Scaipfear eolas maidir le seastáin ag an gComhdháil Oideachais i mí Meán Fómhair, ní féidir áirithint a dhéanamh ar spás seastáin roimhe sin.

Más suim leat bheith mar urraitheoir i mbliana, déan teagmháil le Clare ar 01 8535193 nó clare@gaelscoileanna.ie. Glacfar le hiarratais ar bhonn tús freastail.

Mála na Comhdhála: Urraithe ag Way2Pay

Crannchur na Comhdhála: €1,000

  • Beidh an t-urraitheoir luaite i gClár na Comhdhála
  • Iarrfar an urraíocht i bhfoirm dearbháin nó duaiseanna ar luach €1,000 san iomlán, le bronnadh ag Dinnéar na Comhdhála
  • Cuirfear spás seastáin saor in aisce ar fáil don urraitheoir
  • Tá an deis urraíochta seo teoranta do bheirt urraitheoirí

Clár na Comhdhála: Urraithe ag First Aid for Youths

Tae agus Caife: €1,000

  • Beidh an t-urraitheoir luaite i gClár na Comhdhála
  • Cuirfear fógraí ar na boird tae agus caife le lógó an urraitheoira orthu
  • Cuirfear spás seastáin saor in aisce ar fáil don urraitheoir
  • Tá an deis urraíochta seo teoranta do bheirt urraitheoirí

Lón na Comhdhála: Urraithe ag School Accounting

Dinnéar na Comhdhála: €2,000

  • Beidh an t-urraitheoir luaite i gClár na Comhdhála
  • Cuirfear lógó an urraitheoira ar an mbiachlár
  • Cuirfear spás seastáin saor in aisce ar fáil don urraitheoir
  • Tá an deis urraíochta seo teoranta d’urraitheoir amháin