Dian-chúrsaí Acmhainn Éireann
Bealtaine 19, 2016
Tá an comhlacht nua seo sásta dian-chúrsa 3 huaire an chloig nó dian-chúrsa 6 huaire an chloig a chur ar bun i naíonra, i mbunscoil nó in iar-bhunscoil lán-Ghaelach ar bith in Éirinn.
Praghas an chúrsa 3 huaire an chloig: 40 Eoró / Punt an duine
Praghas an chúrsa 6 huaire an chloig: 80 Eoró / Punt an duine
Is féidir cúrsa a chur ar bun lá ar bith ó Luan go Satharn agus is féidir cúrsa a chur ar bun ar maidin, tráthnóna nó san oíche de réir éilimh.
Tá an cúrsa seo feiliúnach do dhaoine nach bhfuil focal ar bith Gaeilge acu agus tá sé feiliúnach freisin do dhaoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu ach nach bhfuil cinnte faoi chúrsaí gramadaí nó faoi cheart na Gaeilge. Beidh Acmhainn Éireann sásta cúrsaí eile a thairiscint bunaithe ar riachtanais ar leith.
Is é an Dr Ciarán Ó Coigligh iar-ollamh le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, in Ollscoil na hÉireann, Duibhlinn, agus i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Ollscoil Chathair Dhuibhlinne a mhúinfeas an cúrsa.
Is múinteoir fíor-chumasach Ciarán a aithnítear mar shaineolaí ar an nGaeilge. Is scoláire é a bhfuil go leor leabhar acadúil curtha de aige, agus is scríbheoir é a bhful cáil idirnáisiunta air agus a bhfuil 3 úrscéal, ceoldráma amháin, bailiúchán gearrscéalta amháin agus 12 bhailiúchán filíochta leis i gcló.
Glaoigh ar Chiarán ag 00 353 876995070 nó scríobh chuige ag ctaoc@eircom.net
Tá teacht ar eolas faoi thairiscintí eile Acmhainn Éireann ar an suíomh gréasáin:acmhainneireann.weebly.com