Méid an Téacs

Dianchúrsa cónaitheach Drámaíoctha & Scríbhneoireachta do dhaltaí Idirbhliana

Deireadh Fómhair 24, 2017

Capture

Tapaigh do dheis anois le linn na hIdirbhliana chun dianchúrsa seachtaine a dhéanamh leis an Scríbhneoir agus Stiúrthóir drámaíochta aitheanta Darach Mac Con Iomaire ar an gCeathrú Rua i gcroílár Chonamara áit a mbeidh deis agat bualadh le scríbhneoirí agus aisteoirí óga eile ó ar fud na tíre i bhfóram fuinniúil, spraoiúil agus spreagúil. Tá an Sárscoil speisialta seo dírithe ar dhaltaí Idirbhliana a bhfuil suim ar leith acu i gcúrsaí drámaíochta stáitse nó teilifíse agus a bhfuil fonn orthu taithí agus léargas ghairmiúil a fháil ar cé mar a fheidhmíonn an earnáil seo agus iad ag forbairt a gcuid scileanna aisteoireachta, scríbhneoireachta agus cruthaitheachta.

Beidh dhá dhianchúrsa ar bun i mí na Samhna 2017:

Cúrsa A: Dé Luain 20 go hAoine 24 Samhain.

Cúrsa B: Dé Luain 27 go hAoine 1 Nollaig.

Costas €350 atá ar an gcúrsa a chlúdaíonn lóistín, bia agus costas an chúrsa féin.

Is ar bhonn éisteachta a roghnófar na rannpháirtithe agus ní thabharfar ach cuireadh do 25 dalta ó ar fud na tíre freastal ar na cúrsaí seo. Ní féidir ach le beirt ó aon scoil amháin freastal ar an gcúrsa céanna. Tá taithí ar leith ag Darach Mac Con Iomaire a bheith i mbun ceardlanna drámaíochta le daoine óga agus tá sé aitheanta de bharr a chuid fuinnimhe agus an spreagadh a thugann sé do dhaoine. Is é a scríobh agus a stiúraigh an tsraith drámaíochta teilifíse Corp+Anam a ghnóthaigh dhá ghradam IFTA agus iliomad gradaim Oireachtais agus Ceilteach.

Más spéis leat a bheith páirteach sa Sárscoil Samhna seo, déan teagmháil le Fíbín  @ 087 2995452 nó www.fibin.com