Méid an Téacs

Dioplóma i Múineadh na Gaeilge do Dhaoine Fásta

Meitheamh 7, 2013

Beidh an Dioplóma i Múineadh na Gaeilge d’Fhoghlaimeoirí Fásta á reáchtáil ag Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad arís i mí Mheán Fómhair. Is i gConamara a bheidh an cúrsa ar siúl i mbliana agus tá sé á thairiscint le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Seo cúrsa bliana ar bhonn páirtaimseartha atá oiriúnach do dhaoine atá ag iarraidh cáilíocht a bhaint amach i múineadh na Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta. Cuirtear béim láidir sa Dioplóma ar an gcleachtadh teagaisc sa seomra ranga. Chomh maith le freastal ar 10 gceardlann oiliúna, déanfaidh rannpháirtithe 40 uair an chloig de chleachtadh teagaisc le linn an chúrsa. Beidh deis ag gach rannpháirtí tacaíocht agus comhairle a fháil ó mheasúnóir a thabharfaidh 3 chuairt ar an rannpháirtí le linn dó / di a bheith i mbun teagaisc. Déanfar taifeadadh físe ar dhá cheann de na cuairteanna sin agus beidh na taifeadtaí físe mar bhunús le hobair leanúnach an chúrsa. Tá béim ar an  bhféin-anailís, ar an bpiar-mheasúnú agus ar thacaíocht phraiticiúil don mhúinteoir.

Beidh na ceardlanna ar siúl i gConamara ar Shathairn idir mí Mheán Fómhair 2013 agus mí an Aibreáin 2014.

Chun cur isteach ar an gcúrsa tá foirm iarratais le líonadh (roimh an 16 Meitheamh) agus tá scrúdú iontrála agus agallamh le déanamh san ollscoil i Má Nuad ar an Satharn 29 Meitheamh. Tá an fhoirm iarratais ar fáil ar líne ag http://www.nuim.ie/language/courses/cert-irish.shtml.

Tá tuilleadh eolais faoin gcúrsa le fáil ó ailin.nichonchuir@nuim.ie nó is féidir teagmháil a dhéanamh le hIonad na dTeangacha ag (01) 708 6417 nó  (01) 474 7145.

Bróisiúr an chúrsa

Ionad na dTeangacha
Ollscoil na hÉireann, Má Nuad
Má Nuad
Co. Chill Dara

Teagmháil: (01) 708 6417