Méid an Téacs

Doire ag Damhsa

Aibreán 23, 2012

Spreagtar muintir an Iar-Thuaiscirt a gcuid bróga damhsa a chur orthu ar an deireadh seachtaine seo chugainn.

Beidh Féile Dhamhsa Dhoire, atá maoinithe ag Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éirinn, Foras na Gaeilge agus Comhairle Chathrach Dhoire, ar siúl ón Aoine 27ú Aibreán – An Domhnach 29ú Aibreán i gCultúrlann Uí Chanáin. Tiocfaidh damhsóirí proifisiúnta ó Éirinn agus Albain le chéile chun blás de dhamhsa céime a thabhairt do na rannpháirtithe agus taispeántas damhsa a dhéanamh.

Dúirt Eibhlín Ní Dhochartaigh, Oifigeach Forbartha Ealaíon i gCultúrlann Uí Chanáin, gur seans maith é seo do dhaoine ón Iar-Thuaisceart foghlaim ó na daoine is fearr. “Beidh cuid de na daoine is cáiliúla i ndamhsa Gaelach agus Albanach páirteach san imeacht seo. Is seans é seo do dhaoine áitiúla damhsaí traidisiúnta an dá réigiúin seo a fhoghlaim nó na scileanna atá acu cheana féin a fheabhsú.”

Cuirfear tús leis an fhéile ar an Aoine 27ú Aibreán ag 8:00 le caint neamhfhoirmeálta ar dhamhsa céime in Éirinn agus in Albain. Is deis í seo do na rannpháirtithe bualadh lena chéile, foghlaim faoi na traidisiúin damhsa in Éirinn agus Albain ó mhaistrí na ndamhsaí l’ionchur ó cheoltóirí agus dhamhsóirí áitiúla.

Ar an Satharn 28ú Aibreán ag 10:30 beidh ceardlanna damhsa ar siúl ar dhamhsa céime na hÉireann agus na hAlban. Ag 8.00pm beidh sárchoirmcheoil ar siúl ina mbeidh an ceol agus an damhsa Éireannach agus Albanach is fearr le Caroline Reagh (damhsa céime), Sandra Robertson (damhsa céime), Fin Moore (Ardchríoch, Isealchríóch, píb bheag Albanach), Matheu Watson (fidil), Brenda O’ Callaghan (damhsa ar an sean-nós), Joe Mc Guiggan (damhsa ar an sean-nós), Jim Mc Grath, Johnny Connolly (mileoidean/bosca ceoil) Meatí Jó Shéamais Ó Flatharta (fliúit, píb uilleann, amhránaíocht). Beidh na ceardlanna damhsa ar siúl arís ar an Domhnach 29ú Aibreán ó 11-4.

Tuilleadh eolais ar fail ó Chultúrlann Uí Chanáin ar +44 28 71 264132 nó tabhair cuairt ar www.culturlann-doire.ie Eolas ar fail ar Facebook chomh maith www.facebook.com/culturlann nó ar Twitter @culturlanndoire

Oifigeach Margaíochta & Taighde
(Marketing & Research Officer)
Cultúrlann Uí Chanáin
37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF
T: 02871264132
M: 07759711057
www.culturlann-doire.ie
www.facebook.com/culturlann
www.twitter.com/culturlanndoire