Drámaíocht agus Teagasc Teangacha le Erika Piazzoli
Feabhra 11, 2016
Dé Sathairn an 27 Feabhra 2016 i gColáiste na Tríonóide, BÁC
Ceardlann ghníomhach, spraoiúil do theagascóirí atá ag lorg bealaí cruthaitheacha le teangacha a theagasc.
Cuirtear an cheardlann seo ar fáil do mhúinteoirí ar mian leo foghlaim ghníomhach a chur chun cinn trí mhodh na drámaíochta. Dírítear ar an drámaíocht mar mhodheolaíocht le teangacha a theagasc agus a fhoghlaim agus tá sé oiriúnach do mhúinteoirí ag gach leibhéal, do mhúinteoirí a bhíonn ag plé leis an dara/tríú teanga agus leis na nuatheangacha. Feiliúnach freisin d’áisitheoirí drámaíochta.
Is as Béarla a reachtálfar an cheardlann seo
Clárú: 9.30am (tae is caifé ar fáil)
Ceardlann: 10am go 1.30pm.
Ionad: Ionad na nDán, Coláiste na Tríonóide Seomra C6.002
(Bain úsáid as an ardaitheoir, agus bí ag faire amach do na fógraí!)
Clárú ar ephost: dramaadei@gmail.com
Costas : €30. Beirt nó níos mó: €25 an duine. Lascaine do mhic léinn: €12
Cuir áit in áirithint inniu! Cuirfear teastais tinrimh ar fáil ar an lá
Is mian le ADEI buíochas a ghabháil le Coláiste na hOllscoile BÁC as ucht tacú leis an ocáid seo.