Méid an Téacs

Duilleog Úr, Scoil sa Choill

Bealtaine 9, 2016

Capture
Mar chainteoir dúchasach Gaeilge tá Clíona ag cur Scoil sa Choill ar fáil trí Ghaeilge freisin do pháistí dheisceart Bhaile Átha Cliath. Is iontach an deis é seo do pháistí na mórchathrach foghlaim faoin dúlra agus comhrá nádúrtha a dhéanamh ina measc féin ina bpríomhtheanga. Ghlaoigh an Piarsach an ‘Murder Machine’ ar an gcóras oideachais ag an am, córas inar múineadh an t-eolas céanna do gach pháiste fiú muna raibh suim acu go léir ann. Tá an scéal ag athrú agus is áit i bhfad níos fearr an seomra ranga sa lá atá inniu ann, ach fós ní bhíonn an deis ag na páistí dul amach faoin aer agus am a chaitheamh i mbun a bhfiosracht féin. Tá sé tábhachtach an deis a thabhairt do pháistí dul amach faoin aer agus ligint dóibh bheith fiosrach faoin dúlra máguaird. 
Foghlaimíonn daoine ar bhealaí éagsúla agus ní i gcónaí a oireann an modh amháin do gach éinne. Amuigh sa choill bíonn saoirse ag na páistí súgradh, rith thart agus fadhbanna a réiteach ar a mbealaí féin. Tá ealaíon thar a bheith tábhachtach d’fhorbairt chruthaitheach an pháiste agus cuirimid an-bhéim air seo, ag úsáid láib, duilleoga, craobhacha, cnónna srl le pictiúirí áille a chruthú, agus trí scéalta agus ceol a chumadh!
Tuilleadh eolais: http://www.duilleogur.com/