Méid an Téacs

Easpa aitheantais do ghaelscoileanna nua, ainneoin plean teanga an Rialtais don Ghaeilge

Nollaig 23, 2010

D’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna an tseachtain seo nach bhfuil ach ceithre cheantar aitheanta acu ina bhfuil riachtanais do sholáthair bhreise don bhunoideachas do Mheán Fómhair 2011. Cé go bhfuil éileamh láidir ar ghaelscolaíocht sna ceantair sin, tá díomá ar GAELSCOILEANNA TEO. nach bhfuil aon aird á thabhairt ag an Roinn ar na ceantair eile ar fud na tíre ina bhfuil coistí bunaithe i mbun dian-fheachtais le gaelscolaíocht a chinntiú dá bpáistí, agus díomá ar leith nach bhfuil aitheantas á thabhairt do Ghaelscoil Ráth Tó, a d’oscail gan cúnamh na Roinne i Meán Fómhair 2010. Thug múinteoir agus páistí na scoile cuairt ar oifigí an Aire Oideachais, an Tánaiste Mary Coughlan, an tseachtain seo caite le litreacha achainí di agus d’impíodar uirthi aitheantas a bhronnadh ar an scoil, nach bhfaigheann aon maoiniú nó tacaíocht ón Roinn, ainneoin an éilimh mhór ar an ngaelscolaíocht sa cheantar.

Níl polasaí ná cur chuige na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir leis an ngaelscolaíocht ag luí le Straitéis Fiche Bliain an Rialtais don Ghaeilge, a foilsíodh ar an 21 Nollaig. Scríobhtar sa straitéis go ndéanfar iarracht an córas oideachais a fheabhsú, ach ní léir go bhfuil an Roinn ag déanamh beart de réir briathar agus ag tacú mar is ceart leis na gaelscoileanna. Roimhe seo, d’aithin córas na Roinne i leith scoileanna nua a bhunú an tslí ina fhásann an scoil agus an ról tábhachtach atá aici sa chomhphobal ina fheidhmíonn sí. Faoi láthair, is ar déimeagrafaic amháin atá cinntí na Roinne maidir le scoileanna nua bunaithe agus is cosúil nach mbaineann rogha na dtuismitheoirí beag ná mór le plean na Roinne do sholáthar breise bunoideachais do 2011.

Éilíonn GAELSCOILEANNA TEO. ar an Roinn Oideachais aitheantas a thabhairt do Ghaelscoil Ráth Tó agus na coistí bunaithe gaelscolaíochta eile atá ag feidhmiú timpeall na tíre, agus freastal a dhéanamh ar an éileamh agus an cheart atá ag tuismitheoirí oideachas trí mheán na Gaeilge a fháil dá bpaistí.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Cuirtear fáilte roimh dhaltaí ó gach cúlra teanga, cultúrtha agus sóisialta. Tá 172 gaelscoil agus 39 gaelcholáiste lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.