Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. roimh ardú i gcaiteachas chaipitil ar scoileanna
Nollaig 6, 2007
Fáiltíonn Gaelscoileanna Teoranta an ardú €95milliúin atá geallta ag Rialtas na hÉireann do chaiteachas caipiteal ar scoileanna a fógraíodh sa bhuiséad.
"Tá 53 faoin gcéad de Ghaelscoileanna sa stáit ag feidhmiú i gcóiríocht sealadach de shaghas éigin," a dúirt Mícheál Ó Broin, Uachtarán Gaelscoileanna Teoranta, ag labhairt i mBaile Átha Cliath inniu. "Tá an tAire tar éis troid go láidir chun go bpléifí go fabhrach le oideachas sa bhuiséad agus tá muid ag súil leis an bhfeabhas a dhéanfaidh seo do na céadta, nó fiú na mílte páistí agus múinteoirí."
Críoch
Breis eolais: