Méid an Téacs

Feachtas ‘Cosain an Cóimheas’ Seolta Inniú

Márta 15, 2011


‘Cosain an Cóimheas’ seolta ag GAELSCOILEANNA TEO. i gcoinne fógra na Roinne go mbeidh ardú suntasach sa Chóimheas Daltaí le Múinteoir i ngaelscoileanna

Sheol GAELSCOILEANNA TEO. feachtas ‘Cosain an Cóimheas!’ inniu ag preas ócáid in Áras na Comhdhála, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus le céilí/ceol sráide lasmuigh de Dáil Éireann a rinne ceiliúradh ar rath na ngaelscolaíochta le linn ‘Seachtain na Gaeilge’.

Feachtas is ea ‘Cosain an Cóimheas’ i gcoinne fógra na Roinne  Oideachais agus Scileanna maidir le deireadh a chur leis an socrú reatha cóimheas daltaí le múinteoirí atá i bhfeidhm sna gaelscoileanna. Tá sé fógartha go mbeidh na gaelscoileanna ar aon leibhéal leis na scoileanna a dhéantar teagasc trí mheán an Bhéarla ó Mheán Fómhair 2011, athraithe a bheidh an-tromchúiseach do na scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil idir triúr agus ochtar múinteoirí acu, ach go háirithe.

Chosain Mícheál Ó Broin, Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO.  an córas reatha: “Faoin gcóras reatha tá cur chuige i bhfeidhm a aithníonn na dúshláin bhreise atá ag na gaelscoileanna atá beag trí chóimheas daltaí-múinteora a cheadú atá níos fábharaí ná an gnáthchóimheas. D’aithin an córas reatha na dúshláin breise atá le sárú sna gaelscoileanna, ar a n-áirítear cur i bhfeidhm curaclam iomlán trí mheán na Gaeilge, agus éagothroime sna hacmhainní agus sna tacaíochtaí atá ar fáil dóibh. Ceadaíodh an cóimheas mar léiriú ar an riachtanas a bhaineann le caomhnú agus le láidiriú an chórais tumoideachais agus sainmheon na Gaeilge sna scoileanna a chosaint. Bhí bunús láidir oideachasúil agus teangeolaíochta leis an gcóimheas a bheith níos fábharaí. Tá cinneadh na Roinne an cóimheas a athrú bunaithe ar réasúnaíocht airgeadais amháin seachas réasúnaíocht oideachasúil.”

Tá suas go 31 scoil a chaillfidh múinteoir amháin, caillfidh ceithre scoil eile beirt mhúinteoir  agus beidh ar na príomhoidí filleadh ar ais ar an seomra ranga i gcás 6 scoil. Ardófar líon na ndaltaí sna ranganna agus beidh go leor ranganna meascaithe ann le líon ard daltaí iontu dá bharr. Bheadh ar roinnt scoileanna idir 17-23 daltaí sa bhreis a thabhairt isteach sa scoil i Meán Fómhair 2011 leis na múinteoirí thuasluaite a choimeád, líon nach bhfuil réadúil dóibh mar nach scoileanna atá ag forbairt atá iontu don chuid is mó. Aon uair a athraíodh an sceideal go dtí seo is dalta nó beirt sa bhreis a bhí de dhíth!

Dúirt Hilda de Róiste, Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta i nGaelscoil Phádraig i mBaile Breac, Co. Átha Cliath: “De réir an sceidil nua do cheapachán múinteoirí ó Mheán Fómhair 2011, caillfimid post amháin agus bhíomar ag súil go mbeimid i dteideal múinteoir breise a fhostú i Meán Fómhair 2011 bunaithe ar na sean-figiúirí. Tá forbairt agus fás tagtha ar Ghaelscoil Phádraig in ainneoin cuid mhaith deacrachtaí ar nós easpa aitheantais ar feadh dhá bhliana, easpa airgid agus easpa foirgnimh. Táimid i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste agus níl stádas DEIS againn, cé go bhfuil sé ag na scoileanna eile sa cheantar. Táimid fós lonnaithe i suíomh beag sealadach i seomraí réamhdhéanta, agus anois, tagann buille uafásach eile! Níl sé seo cothrom in aon chor. Conas is féidir le héinne a rá go bhfuil sé inghlactha iarraidh ar scoileanna 20 páistí sa bhreis a thógáil isteach i Meán Fómhair 2011, in aon bhuille amháin, lena gcuid múinteoirí a choinneáil? Conas is féidir leis an Roinn é sin a chosaint? Is ionsaí é an cinneadh seo ar an ngaelscolaíocht a bhréagnaíonn ráitis an Rialtais go bhfuil tábhacht agus éifeacht ag baint leis na scoileanna lán-Ghaeilge. Ba chóir don Roinn an cinneadh seo a aistharraingt láithreach.”

Athrú raidiceach, tromchúiseach atá san athrú seo a fhágfaidh scoileanna le caillteanas foirne, ranganna móra agus laghdú iomlán ar eispéaras éifeachtach foghlama an pháiste. Tá impleachtaí tromchúiseacha ann d’fhostaíocht múinteoirí, ach go háirithe dóibh siúd nach bhfuil cearta painéal acu agus i bhfianaise nach bhfuil painéal cuí ann do mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge.

Cháin Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí, Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge Teo., an cinneadh: “Braitheann ár scoileanna go bhfuil neamhaird agus ionsaí á dhéanamh ag an Roinn orthu. Má leantar leis seo caillfidh múinteoirí postanna agus níl painéal ceadaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna do scoileanna an Fhorais Pátrúnachta fós, cé gur aontaíodh i bprionsabal leis an Roinn go gcruthófaí painéal don Fhoras i 2004.  Má chuirtear é seo in éineacht leis an easpa cóiríochta atá ag tromlach de na scoileanna, ardaítear ceisteanna maidir le dearcadh na Roinne i dtreo an Ghaeloideachais. Tá an Foras Pátrúnachta tiomanta chun cinntiú nach ndéantar dochar don oideachas lán-Ghaeilge agus táimid ag tacú go láidir leis an bhfeachtas seo.”

D’éiligh Mícheál Ó Broin cothrom na féinne don ghaelscolaíocht agus ‘beart de réir briathar’ ón Rialtas: “In anneoin na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a d’aithin ról lárnach na ngaelscoileanna, tá tacaíocht á bhaint ón earnáil seachas tacaíocht bhreise a bheith tugtha mar ba chóir. Ardaíonn an cinneadh seo ceisteanna arís maidir le dearcadh na Roinne i dtreo an ghaeloideachais. Is buile marfach i ndiaidh buile marfach atá ag teacht. Ní hamháin go bhfuil na gaelscoileanna ag fulaingt go míchothrom de bharr cúinsí drochchóiríochta, agus éagothroime sa chóras ó thaobh tacaíochta de, ach anois tá an bonn á bhaint den chóras trí bhrú breise a chur ar acmhainní fíor-shrianta. Tá sé scannalach agus doghlactha go bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge thíos leis arís. Éilím ar an Aire nua an cinneadh leatromach seo a aisiompú láithreach agus cothrom na féinne a thabhairt don Ghaelscolaíocht.”

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.

Críoch.

Tuilleadh eolais:         Mícheál Ó Broin    087-9467700 / Nóra Ní Loingsigh    087-6737560