Feargal Ó Cuilinn imithe ar shlí na fírinne
Deireadh Fómhair 17, 2017
Déanann Gaeloideachas comhbhrón ó chroí le muintir, cairde agus comhghleacaithe Fheargail Uí Chuilinn. Beidh cuimhne againn uile air mar fhear a raibh grá agus dílseacht don Ghaeilge agus don ghaelscolaíocht go mór ina chroí istigh agus mar bhunchloch dá shaol. Áireoimid uainn é mar dhíograiseoir teanga, a thug faoi fhorbairt na teanga go croíúil, go fonnmhar, go dearfach agus le meangadh mór air i gcónaí. Suaimhneas síoraí dá anam.