Méid an Téacs

Bunscoil lán-Ghaeilge nua le bunú i mBiorra, Co. Uíbh Fháilí, Meán Fómhair 2015

Feabhra 13, 2015

D’fhógair an tAire Oideachais & Scileanna, Jan O Sullivan, inniu go n-osclófar ceithre bhunscoil nua i 2015 faoi phróiseas na Roinne le héagsúlacht an tsoláthair bunscoile a leathnú, agus is cúis mór áthais do Gaelscoileanna Teo. agus An Foras Pátrúnachta go bhfuil Gaelscoil Bhiorra i Co. Uíbh Fháilí aitheanta ina measc.

Bhí pobal Bhiorra cheana féin spreagtha i leith oideachais lán-Ghaeilge a éileamh dá bpáistí, le coiste bunaithe bunscoile ag feidhmiú sa cheantar ó 2010. D’eascair grúpa pobail, Biorra le Gaeilge, as an gcoiste céanna agus faoina stiúir, tá an Ghaeilge faoi bhláth sa cheantar. Eagraíonn Biorra le Gaeilge imeachtaí sóisialta rialta don phobal, ar a n-áirítear campaí samhraidh trí Ghaeilge do pháistí, ciorcal comhrá agus ranganna Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta sa bhliain 2011 bhunaigh siad an naíonra Nóiníní Beaga. Pobal ar leith is ea pobal Bhiorra, a lean siad go tréan lena bhfeachtas maidir le bunscoil a bhunú in ainneoin nár aithin an Roinn Oideachais & Scileanna Biorra mar sprioc cheantar i dtaobh scoil nua a bhunú toisc daonra seasmhach a bheith aici.

Tugadh dóchas do thuismitheoirí Bhiorra i 2011 nuair a bhunaigh an t-iar Aire Oideachais & Scileanna, Ruairí Quinn, sainghrúpa chun dul i gcomhairle le daoine agus moltaí a dhéanamh ar conas is féidir le bunscoileanna a bheith níos cuimsithí ó thaobh traidisiún, reiligiún, teanga agus creideamh éagsúil de. Foilsíodh tuarascáil an Ghrúpa Chomhairligh ag an bhFóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas in Earnáil an Bhunoideachais i 2012 agus cuireadh tús le próiseas nua chun breathnú ar an gcaoi a bhfeadfaí freastal ar éagsúlacht agus rogha tuismitheoirí maidir le hoideachas dá bpáistí i 44 ceantar ar fud na tíre, Biorra ina measc. D’aithin tuairisc na Roinne maidir le rogha tuismitheoirí a foilsíodh i mí Aibreáin 2013 gur leor an t-éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge i mBiorra le go ndéanfar rogha pátrúnachta a chur ar fáil sa cheantar. Is mar thoradh ar an bpróiseas seo atá Gaelscoil Bhiorra le n-oscailt faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta i Meán Fómhair 2015.

Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. roimh an chinnidh seo ón Roinn Oideachais & Scileanna, a chinntíonn go mbeidh oideachas lán-Ghaeilge mar rogha do dhaltaí a bhfuil a dtuismitheoirí ag gníomhú go díograiseach ar a son leis na mblianta. Deimhníonn bunú na scoile nua seo gur mian an-láidir í an tumoideachas lán-Ghaeilge mar chóras oideachais i measc an phobail agus go bhfuil fás agus forbairt leanúnach ag teacht ar an earnáil agus an-éileamh uirthi. Leanfaidh an eagraíocht ar aghaidh ag gníomhú thar ceann na scoile agus an phobail máguaird le hoideachas ar ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge a éascú.

Beidh An Foras Pátrúnachta agus an Roinn Oideachais & Scileanna ag comhoibriú sna míonna romhainn le cóiríocht agus foireann chuí a dheimhniú do Ghaelscoil Bhiorra, agus beidh deis ag tuismitheoirí a gcuid páistí a chlárú leis an scoil nua trí teagmháil a dhéanamh leis an bpátrún ar 01 6294110 nó eolas@foras.ie.

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí An Foras Pátrúnachta, ‘is iontach ar fad an scéal é seo do phobal Bhiorra agus go háirithe don choiste áitiúil agus na tuismitheoirí atá ag obair ina threo le fada. Beidh An Foras Pátrúnachta ag feidhmiú láithreach chun ionad don scoil a shocrú leis an Roinn, foireann na scoile fhostú agus cinntiú go bhfuil gach rud in ord d’oscailt na scoile do Mheán Fómhar seo chugainn’.