Méid an Téacs

Comórtas: Láithreoir Óg á lorg ag RnaG

Aibreán 3, 2013

An ceoltóir óg tú le suim sa cheol agus i láithriú raidió? Más ea, seo do dheis!

Mar chuid de Sheachtain na nÓg ar RTÉ, tá Raidió na Gaeltachta ag tabhairt deis do láithreoir óg an clár Béal Maidine a láithriú i dteannta Neansaí Ní Choisdealbha ar an Domhnach 21 Aibreán ó 8am-10 am.

Bíonn Béal Maidine ar siúl maidin Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh – is í Áine Hensey a bhíonn sa chathaoir ar an Satharn, agus Neansaí ar an Domhnach. Cloistear rogha breá ceoil ar na cláracha, maraon le hiarratais agus cur síos ar ócáidí ceoil.

Má tá suim agat a bheith san iomaíocht, seol taifead isteach chuig Raidió na Gaeltachta ina gcuireann tú píosa ceoil i láthair as Gaeilge.

Beidh Neansaí ag lorg iarrthóir le Gaeilge mhaith, tuiscint ar an gceol agus stíl dheas láithreoireachta.

Seol isteach d’iarratas chuig Comórtas Bhéal Maidine, c/o Neansaí Ní Choisdealbha, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Casla, Conamara, Co. na Gaillimhe. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Neansaí ag ceolbinnn@rte.ie

Féach www.rte.ie/rnag nó leathanach Facebook RTÉ Raidió na Gaeltachta le tuilleadh eolais a fháil.

Foilsithe ar Gaelport.com