Méid an Téacs

Cruinniú Urghnách Gaelscoileanna Teo., 6 Deireadh Fómhair 2016

Meán Fómhair 12, 2016

Thug Gaelscoileanna Teo. faoi chomhairliúchán le scoileanna faoi ainm na heagraíochta a leasú i bhfianaise an athraithe atá tagtha ar chúramaí Gaelscoileanna Teo. ó ceapadh ina ceanneagraíocht í ar an réimse Tumoideachas/ Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge in Iúil 2014.

Dá réir tá cúramaí ar an eagraíocht anois i leith na scoileanna lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di mar aon le seirbhísí a chur ar fáil do naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht.

Ag eascairt as an gcomhairliúchán sin beidh rún á rith ag Bord Stiúrtha na heagraíochta le hainm na heagraíochta a athrú. Rithfear an rún seo a leanas:

Go ndéanfar ainm na heagraíochta, Gaelscoileanna Teo., a athrú go Gaeloideachas: Guth don Oideachas Lán-Ghaeilge (mar shluán).

Beidh cruinniú urghnách do Gaelscoileanna Teo. ar siúl ag 18.00 ar an 6 Deireadh Fómhair 2016 san Óstán Clarion i nGleann na Life, Baile Átha Cliath 22, chun an rún seo a chur faoi bhráid na mball.

Tá cead ag aon scoil a bhfuil ballraíocht aici leis an eagraíocht suas le trí vóta a chaitheamh ar an rún seo (ach a bheith i láthair ag an gcruinniú urghnách). Tá súil againn go mbeidh comhaltaí ó do scoil in ann bheith i láthair ag an gcruinniú tábhachtach seo. Is féidir clárú chuige trí ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie ag cur sin in iúl (ainm, scoil, seoladh na scoile).