Méid an Téacs

Gaeilge do Thuismitheoirí – Acmhainn nua cheannródaíoch foilsithe do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí

Meán Fómhair 6, 2016

 

GaeilgeDoThuismitheoirí
Tá ríméad ar Gaelscoileanna Teo. suíomh gréasáin nua a fhógairt, darb ainm www.irishforparents.ie. Tá sé mar aidhm ag an suíomh seo freastal ar dhá riachtanas (i) múinteoirí a bhíonn ag múineadh ranganna Gaeilge do thuismitheoirí agus atá ag lorg ábhar teagaisc dá gcuid ranganna (ii) tuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge agus atá ag iarraidh cur lena gcuid Gaeilge agus níos mó a fhoghlaim faoi acmhainní a d’fhéadfadh cabhrú leo.

“Acmhainn nuálaíoch agus saor in aisce d’úsáideoirí atá ann a bheidh ina chabhair ach go háirithe do thuismitheoirí i mbunscoil lán-Ghaeilge, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht a bhfuil cúnamh praiticiúil ag teastáil lena gcuid Gaeilge”, a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo. Cuimsíonn an acmhainn rannóg ar an suíomh a thugann eolas do thuismitheoirí maidir leis na hacmhainní atá ar fáil dóibh, atá rangaithe i dtrí chatagóir (i) foghlaim na Gaeilge (ii) an saol teaghlaigh (iii) obair scoile. Tá áis ar fáil ar an suíomh a thacóidh le tuismitheoirí agus iad ag cabhrú le hobair bhaile. Beidh cabhair bheo ar fáil dóibh idir 4 p.m. agus 6 p.m. ó Luan go Déardaoin má tá ceist acu a bhaineann le hobair bhaile trí Ghaeilge. Beidh múinteoirí cáilithe ar fáil le freagraí a thabhairt ar na ceisteanna.

Díríonn an dara cuid den suíomh ar mhúinteoirí a bhíonn ag múineadh ranganna Gaeilge do thuismitheoirí agus den chéad uair riamh tá acmhainn náisiúnta ar fáil a thugann treoir, tacaíocht agus cúnamh do na múinteoirí sin. Gheobhaidh siad ábhar teagaisc samplach dá gcuid ranganna ar an suíomh seo, ábhar samplach atá bunaithe ar shainriachtanais tuismitheoirí.

Anuas air seo, tá scrúduithe samplacha bunaithe ar Teastas Eorpach na Gaeilge ar fáil ar an suíomh chomh maith – tascanna scrúdaithe atá bunaithe ar shainriachtanais tuismitheoirí.

Beidh an suíomh seo á fhorbairt de réir a chéile – beidh ábhar teagaisc nua á chur leis i rith an fhómhair agus an gheimhridh. Beidh cúrsa oiliúna ar siúl ar an 8 Deireadh Fómhair i Marino ina mbeidh deis acu siúd a mhúineann ranganna Gaeilge do thuismitheoirí níos mó a fhoghlaim faoin ábhar teagaisc ar an suíomh agus faoi conas é a úsáid sa seomra ranga.

Gabhann Gaelscoileanna Teo. buíochas le Foras na Gaeilge as an maoiniú chun an togra seo a fhorbairt. Tá an chabhair bheo á maoiniú ag COGG agus á bainistiú go seachtrach ag múinteoirí cáilithe.

Le clárú don Chúrsa Oiliúna do mhúinteoirí:
Cuir ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie roimh an Chéadaoin 21 Meán Fómhair 2016. Ní ghearrfar aon táille ar an gcúrsa. Tá spás d’uasmhéid 20 duine ar an gcúrsa oiliúna.

Tuilleadh eolais faoin acmhainn ag www.irishforparents.ie nó ó Bhláthnaid ní Ghréacháin ag 01 8535190.