Méid an Téacs

Fianaise i gcinntí DEIS gur scoileanna uileghabhálacha iad scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

Feabhra 15, 2017

Cuireann cinntí an Roinn Oideachais agus Scileanna i dtaobh scoileanna faoi mhíbhuntáiste deireadh leis an argóint gur scoileanna éilíteacha iad scoileanna lán Ghaeilge, a deir an eagraíocht Gaeloideachas. Tá 74 scoil lán-Ghaeilge agus Gaeltachta aitheanta anois mar scoileanna DEIS, sin scoil as gach cúig atá ag freastal ar thromlach daltaí a bhfuil míbhuntáiste oideachasúil orthu. Tugadh an t-aitheantas seo tríd an gcóras DEIS ag an Roinn Oideachais & Scileanna mar chuid d’fhoilsiú Plean DEIS 2017.

D’fháiltigh Yvonne Ní Mhurchú, Uachtarán an eagras Gaeloideachas, roimh an fhógra seo agus deir sí “Tá sé in am go n-aithneodh daoine go bhfuil réimse leathan scoileanna ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Tá scoileanna againn i gceantracha faoi mhíbhuntáiste i gcathracha, bailte móra agus faoin dtuath i ngach cuid den tír. Anois go bhfuil an fhianaise soiléir, táimid ag éileamh go dtabharfaí cothrom na féinne d’ár scoileanna, múinteoirí, tuismitheoirí agus páistí sa phlé poiblí atá ar siúl faoi láthair i dtaobh déantús iontrála scoileanna.

Cé go raibh líon áirithe scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag fáil tacaíochta ó 2006, bhí scoileanna eile ann a thit lasmuigh de na critéir in ainneoin an-chuid riachtanais ina gcuid pobail agus dá bharr, níor aithníodh iad go foirmiúil mar scoileanna DEIS. Tá na scoileanna sin aitheanta anois ag an Roinn mar scoileanna DEIS Banda 1, agus scoileanna eile a raibh aitheantas DEIS Banda 2 acu ó 2006 anois aitheanta mar DEIS Banda 1 chomh maith. Is ábhar mór sásaimh é sin mar go mbeidh na tacaíochtaí méadaithe a bheidh ar fáil dóibh anois mar chúnamh ollmhór dá ndaltaí”.

Tá scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ann, áfach, atá an-mhí-shásta nár bhfuair siad aitheantas mar scoil DEIS in ainneoin a gcuid iarratais a léirigh dúshláin agus riachtanais a gcuid pobail. Tá na scoileanna sin ag lorg soiléirithe ar na critéir agus na cúiseanna nár bronnadh an t-aitheantas sin orthu. Tá iontas agus díomá ar Phól Ó Ruiséal, Príomhoide Scoil Rann na Feirste, nár áiríodh an scoil mar scoil DEIS i mbliana, “Níl slat tomhais cothrom a úsáid ag an Roinn Oideachais agus iad ag roghnú scoltacha don Scéim” a dúirt sé, “táthar ag tabhairt droim lámha do scoltacha atá ag teagasc tré mheán na Gaeilge”.

Tá imní ar Ó Ruiséal nach mbeidh tuismitheoirí sásta páistí a chur go scoileanna nach bhfuil stádas DEIS acu, de dheasca an costas breise a bhéas orthu mar thuismitheoirí. Dá roghnódh tuismitheoirí scoil bunaithe ar stádas DEIS, beag beann ar shainmheon teanga na scoile, d’fheadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ann do bhuannaíocht an tsoláthair lán-Ghaeilge amach anseo.

Is scoileanna DEIS iad 22% de na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta anois. Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, gur “pobail oscailte, ionchuimsitheacha agus tacúla iad na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, a dhéanann freastal den scoth ar éagsúlacht. Cuireann scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta fáilte roimh pháistí agus daoine óga ó gach cineál cúlra teangan, cultúrtha agus socheacnamaíocha. Tá sé den riachtanais go mbeadh buntáiste breise an oideachais lán-Ghaeilge ar fáil ach go háirithe dóibh siúd a bhfeadfadh míbhuntáiste oideachasúil a bheith mar bhagairt dóibh, agus go dtabharfaimis gach deis dóibh a n-acmhainneacht a bhaint amach agus bheith sona sásta agus slán ar scoil.”

Scoileanna nua-aitheanta mar scoileanna DEIS i 2017:
1. Gaelscoil Bharra
2. Gaelscoil Dara
3. Gaelscoil an Longfoirt
4. Scoil an tSeachtar Laoch (a raibh stádas DEIS Banda 2 acu roimhe)
5. Gaelscoil Bhaile Munna (a raibh stádas DEIS Banda 2 acu roimhe)
6. SN Éadan Fhionnlaoich
7. SN Cholmcille, Baile na Finne
8. SN an Ghlasáin
9. SN Mhuire, Fanaid
10. SN Inbhear
11. Gaelcholáiste Mhuire
12. Coláiste de hÍde, Tamhlacht

Scoileanna a aithníodh i 2006
Maidir leis na scoileanna a aithníodh i 2006 agus atá ag fáil tacaíocht ó shin, leanfar leis na tacaíochtaí sin a sholáthar dóibh de réir a gcuid riachtanais. Sa chás go léiríonn an creat nua go bhfuil leibhéal míbhuntáiste i scoileanna DEIS níos ísle ná scoileanna nach bhfuil faoi DEIS, déanfar measúnú amach anseo ar an bhféidearthacht ar acmhainní a ídiú ar bhonn céimiúil, chun gur féidir iad a dháileadh ar scoileanna ar mó na leibhéil míbhuntáiste iontu.

Plean DEIS 2017
Is féidir Plean DEIS 2017 a íoslódáil i nGaeilge ó shuíomh na Roinne Oideachais & Scileanna: https://www.education.ie/ga/Foilseach%C3%A1in/Tuarasc%C3%A1lacha-Beartais/Plean-DEIS-2017.pdf