Méid an Téacs

Gearrliosta roghnaithe don Mhúnla Nua Maoinithe

Samhain 12, 2013

Scríobh Foras na Gaeilge aréir chucu siúd a léirigh spéis feidhmiú mar cheanneagraíocht faoin múnla nua maoinithe chun iad a chur ar an eolas ar éirigh leo an gearrliosta a bhaint amach don chéad chuid eile den phróiseas.

Cé gur iarradh ar Fhoras na Gaeilge ráiteas a chur ar fáil maidir leis an bpróiseas a bhaineann leis an múnla nua maoinithe, agus an scéal seo á fhoilsiú ní raibh aon ráiteas faighte ó Fhoras na Gaeilge. Tá an próiseas chun stádas ceanneagraíochta a bhaint amach roinnte ina dhá chuid.

Bhain céim a haon le foirm a líonadh chun cur in iúl go raibh spéis ag d’eagraíocht feidhmiú mar cheanneagraíocht i gceann amháin de na réimsí luaite, agus go raibh d’eagraíocht sásta chun tabhairt faoi sin ar bhonn uile-oileáin. Dóibh siúd a fuair cuireadh aréir chun páirt a ghlacadh i gcéim a den phróiseas, beidh orthu aighneacht shubstainteach a ullmhú le cur faoi bhráid Fhoras na Gaeilge agus beidh ar Cheannasaí agus Cathaoirleach na heagraíochta tabhairt faoi agallamh.

Tionólfaidh Foras na Gaeilge cruinniú do Cheannasaithe agus do Chathaoirligh na n-eagraíochtaí ar éirigh leo sa chéim Léirithe, ar an Aoine bheag seo, 15 Samhain. Déanfar plé ar chéim na hAighneachta ag an gcruinniú seo agus tabharfar soiléiriú ar aon cheist ábhartha a bheas ag eagraíochtaí.

Naoi n-eagraíocht déag (19) atá á mbunmhaoiniú ag Foras na Gaeilge faoi láthair, samhlaítear go mbeidh trí cinn acu sin, Raidió na Life, Raidió Fáilte agus An tÁisaonad le maoiniú ó chistí/scéimeanna éagsúla de chuid an Fhorais, agus tá an sé eagraíocht déag (16) eile le laghdú síos go dtí sé cheanneagraíocht.

Tá an múnla nua seo cáinte roimhe seo agus é ráite go gcuirfidh an múnla nua seo deireadh le roinnt mhaith den infreastruchtúr reatha teanga idir seo agus Meitheamh na bliana seo chugainn. San idirlinn, beidh iomaíocht ghéar á cothú idir na heagrais reatha chun an stádas mar cheanneagraíocht a bhaint amach chun todhchaí na heagraíochta a chinntiú.

Táthar ag tuar gur ag tús mhí Eanáir 2014 a fhógrófar na sé cheanneagraíocht nua, agus a chuirfear in iúl cé hiad na heagraíochtaí eile nach mbeidh á maoiniú ó mhí Iúil 2014.

Foilsithe ar Gaelport.com