Méid an Téacs

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 Foilsithe ag An Rialtas

Deireadh Fómhair 28, 2016

Inniu sheol an Taoiseach, Enda Kenny T.D, mar aon leis an Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton T.D., agus leis an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta agus Acmhainní Nádúrtha, Seán Kyne T.D, Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 na Roinne Oideachais agus Scileanna. Tharla an seoladh i Scoil Náisiúnta Mhic Dara, An Cheathrú Rua , Contae na Gailllimhe.

Tá forbairt agus feidhmiú an Pholasaí ar Oideachas Gaeltachta 2017-2022 mar thiomantas lárnach ag an Aire Bruton sa Phlean Gníomhaíochtaí don Oideachas 2016-2019 a foilsíodh i Mí Meán Fómhair na bliana seo.

Agus é ag caint ag an seoladh, dúirt an Taoiseach gur chreid sé go raibh an Ghaeltacht ríthábhachtach do thodhchaí na teanga agus don chultúr Gaelach.

“Tá an Polasaí seo ar an gcéad straitéis chuimsitheach don oideachas sa Ghaeltacht ó bunaíodh an Stát. Tá an Rialtas an-tiomanta d’fheidhmiú na mbeart atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus anseo, sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, déantar cur síos ar an tslí ina dtacóimid le scoileanna Gaeltachta chun oideachas ardcháilíochta trí mheán na Gaeilge a sholáthar do pháistí na Gaeltachta,” arsa an Taoiseach.

Rinne an tAire Richard Bruton cur síos ar na dúshláin a bhíonn ag scoileanna Gaeltachta agus iad ag teagasc páistí a tháinig chun na scoile le mór-éagsúlachtaí san leibhéil taithí a bhí acu ar an nGaeilge labhartha.

“Mar Aire Oideachais agus Scileanna, is mian liom a dheimhniú go mbíonn na cúinsí cearta ar fáil chun sár-scoileanna trí mheán na Gaeilge a fhorbairt sa Ghaeltacht,” arsa an tAire Bruton. “Faoin bPolasaí, beidh an deis ag scoileanna sa Ghaeltacht, ó 2017 ar aghaidh, aitheantas a éileamh mar Scoileanna Gaeltachta de réir na gcritéar teangeolaíocha. Tá súil agam go mbeidh spreagadh agus gríosadh le fáil ag scoileanna ón bpróiseas aitheantais, agus go meallfar scoileanna le bheith páirteach ann,” a dúirt sé freisin.

Faoin bPolasaí, beidh scoil Ghaeltachta aitheanta mar scoil ina dtiomnaíonn an scoil gach achar agus ábhar curaclaim a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Beidh cúig bliana ag scoileanna a roghnaíonn stádas mar scoil Ghaeltachta chun an stádas sin a bhaint amach. Beidh fáil ag na scoileanna seo ar phacáistí d’acmhainní breise teagaisc agus eile ar bhealach céimnithe de réir mar a bhíonn dul chun cinn á léiriú acu i dtreo stádas scoile Gaeltachta.

“Is é an cuspóir atá againn ná go mbeidh scoileanna aitheanta Gaeltachta mar chéad rogha scolaíochta do thuismitheoirí na Gaeltachta,” arsa na tAire Bruton.

Beidh, freisin, ar scoileanna Gaeltachta aitheanta a bheith gafa leis na pobail lena mbaineann siad i bpróiseas pleanála na teanga Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta, 2012.

D’fháiltigh an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne roimh fhoilsiú an Pholasaí, agus go háirithe roimh an tiomantas go mbeidh scoileanna ábalta a bheith lánpháirteach sa phróiseas pleanála teanga i ngach ceantar Gaeltachta.

“Léiríonn an riachtanas go mbeidh scoileanna Gaeltachta páirteach sa phróiseas pleanála teanga an tábhacht a bhaineann le scoileanna agus leis na pobail lena mbaineann siad a bheith ag obair go dlúth le chéile chun úsáid na Gaeilge a threisiú,” a dúirt sé.

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022

Déanann an Polasaí ar Oideachas Gaeltachta 2017-2022:

  • Fís don oideachas Gaeltachta a rianadh a thugann aitheantas don ról a bhíonn ag scoileanna agus ag ionaid luathbhlianta chun oideachas ardcháilíochta trí mheán na Gaeilge a sholáthar agus chun cumas agus úsáid na Gaeilge a chothú i mórphobal na Gaeltachta
  • Díriú ar cháilíocht an teagaisc trí mheán na Gaeilge i scoileanna agus i réamhscoileanna Gaeltachta a thacú agus a fheabhsú, ionas gur féidir a dheimhniú go mbíonn an teagasc trí mheán na Gaeilge mar chéad rogha ag tuismitheoirí i ngach ceann de na ceantair Ghaeltachta
  • Leagan amach cuimsitheach a sholáthar ar raon gníomhaíochtaí comhnasctha chun an fáil ar thaithí oideachasúil ardcháilíochta agus ábhartha trí mheán na Gaeilge don uile dhuine óg atá ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta a dheimhniú agus sa tslí seo tacú le húsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga ag pobail na Gaeltachta
  • Polasaí a sholáthar inar féidir le scoileanna atá lonnaithe i gceantair phleanála na Gaeltachta roghnú ar aitheantas a ghnóthú mar scoil Ghaeltachta – beidh scoil Ghaeltachta mar scoil ina dtiomnaíonn an scoil gach achar agus ábhar curaclaim a sholáthar trí mheán na Gaeilge agus ina mbíonn an scoil gafa leis an bpobal i bpróiseas pleanála na teanga Gaeltachta. Beidh cúig bliana ar a mhéid ag scoileanna a roghnaíonn stádas scoile Gaeltachta chun an stádas sin a bhaint amach. Beidh fáil ag na scoileanna seo ar phacáistí d’acmhainní breise teagaisc agus eile ar bhealach céimnithe de réir mar a bhíonn dul chun cinn á léiriú acu i dtreo stádas scoile Gaeltachta.
  • Tabhairt faoi obair na scoileanna Gaeltachta a dhlúth-ailíniú leis an bpróiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta.