Méid an Téacs

Polasaithe Samplacha a Roinnt

Feabhra 25, 2014

Táimid ag iarraidh cur go leanúnach le líon na bpolasaithe samplacha atá againn ar an suíomh gréasáin agus ar fáil do scoileanna ar shaincheisteanna éagsúla. Ar an ábhar sin, tá polasaí samplach maidir le Iniúchadh na nGardaí i nGaeilge á lorg ag scoil amháin agus bheimis fíor-bhuíoch dá gcuirfí ceann ar aghaidh chugainn má tá ceann ar fáil – is féidir ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie.

Táimid ag plé leis an PDST faoi láthair maidir le teimpléad as Gaeilge den pholasaí frithbhulaíochta, agus beimid i dteagmháil go luath faoi sin.

Go ginearálta, má bhíonn polasaithe as Gaeilge ag scoileanna a shíleann sibh a bhainfeadh scoileanna eile (bunscoileanna agus iarbhunscoileanna) leas astu, bheimis fíor-bhuíoch daoibh as iad a chur ar fáil ar mhaithe le ham agus dua a shábháil ar scoileanna eile.

Tá polasaithe samplacha agus acmhainní eile ar fáil anseo.