Méid an Téacs

Rith Linn!

Márta 3, 2014

Ba mhór le Gaelscoileanna Teo. cuireadh a thabhairt do scoileanna rith in éineacht linn ar an 10 Márta – tá 5 ciliméadar urraithe againn mar chuid de Rith 2014 agus beidh foireann na heagraíochta ag rith ó Bhóthar Bhaile Munna (ag 15.10) i dtreo Ascaill Sheantraibh agus Lána na Cúlóige (le bheith ann ag 15.50).

Is féile náisiúnta é Rith 2014 a bheidh ar siúl ón 7-15 Márta 2014. Tá cúrsa 1000km leagtha amach chun ollrith sealaíochta a dhéanamh, ag rith ó mhaidin go hoíche, ó Baile Bhuirne i gCo. Chorcaí go Béal Feirste thar 9 lá, leis na mílte duine ag glacadh páirte ann. Tá na sonraí ar fad maidir leis an imeacht, chomh maith le freagraí ar na ceisteanna coitianta, eolas maidir le sábháilteacht agus bainistiú an imeachta, grianghraif agus físeáin spreagúla agus acmhainní do scoileanna rannpháirteacha ar fáil ar www.rith.ie.

Tá súil againn gur ócáid spraíúil, spreagúil agus fuinniúil a bheidh ann, agus is cinnte go dtabharfadh sé spreagadh don bhfoireann anseo dá mbeadh daltaí, baill foirne agus tuismitheoirí ó na scoileanna lán-Ghaeilge sa cheantar máguaird toilteanach cúpla céad slat (nó cúig ciliméadar, fiú!) a rith in éineacht linn sula dtugann muid an baitín sealaíochta ar aghaidh chuig an chéad dream eile.

Más suim leis an scoil a bheith linn ar an lá, déan teagmháil linn go luath (clare@gaelscoileanna.ie nó 01 8535193) le gur féidir linn sin a chur in iúl d’fhoireann slándála Rith 2014 agus na socruithe cuí a dheimhniú leo.