Méid an Téacs

Scléip – síneadh leis an dáta deiridh d’iontrálacha

Eanáir 22, 2013

Leis an deis is fearr a thabhairt do scoileanna iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas, tá síneadh curtha leis an dáta deiridh iontrála go dtí an 25 Eanáir 2013. Tá 20 scoil cláraithe linn go dtí seo, bí cinnte bheith in éineacht leo ag na hócáidí spraíúla agus spreagúla atá beartaithe againn!

18 Feabhra 2013:              Amharclann an Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath

22 Feabhra 2013:              Amharclann an Firkin Crane, Corcaigh

26 Feabhra 2013:              Amharclann an Riverbank, Droichead Nua, Co. Chill Dara

1 Márta 2013:                     Cultúrlann Uí Chanáin, Doire

9 Márta 2013:                     Amharclann an Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath (Craobh Ceannais)

Tá súil againn go mbeidh an oiread rath ar Scléip na bliana seo is a bhí anuraidh, nuair a ghlac níos mó ná 500 dalta páirt ann. Ba mhaith linn dúshlán a chur roimh na hiomaitheoirí agus deis a thabhairt dóibh ceol, amhráin, cóiréagrafaíocht agus drámaíocht nuachumtha a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre. Bígí cinnte agus na rialacha a léamh roimh an fhoirm iontrála a chomhlánú!

Tá an comórtas roinnte i 6 rannóg éagsúla, le duais sóisir agus sinsir le bronnadh i ngach rannóg agus Gradam Scléip don duine nó grúpa is fearr san iomlán. Beidh deis ag cách dul san iomaíocht sna réamhbabhtaí agus roghnófar an tallann is fearr le dul ar aghaidh chuig an craobh ceannais.

Beidh an ceoltóir agus craoltóir Fiachna Ó Braonáin linn arís i mbliana le taifead a dhéanamh ar an gcomórtas, agus craolfar 5 chlár bunaithe ar chraic agus ceol Scléip 2013 ar Raidió na Gaeltachta. Tá súil againn go mbainfidh rannpháirtithe Scléip 2013 oiread taitneamh as bheith ina réaltaí raidió is a bhain iomaitheoirí na bliana seo chaite, agus is cinnte gur bhain éisteoirí Raidió na Gaeltachta an-sult as na cláir, a tugadh ard-mholadh dóibh as feabhais an cheol agus siamsaíocht a bhí le cloisteáil iontu.

Tá costas iontrála €20/£15 ar gach rannóg agus uasmhéid €100/£75 le n-íoc ag aon scoil amháin. Déanfar an táille a dhearbhú leat ar sonrasc i ndiaidh duit an fhoirm iontrála a chomhlánú.

Má tá aon cheist ina leith nó aon amhras ort faoin rannóg is feiliúnaí duit, tá gach fáilte romhat teagmháil a dhéanamh linn.

Rialacha: http://www.gaelscoileanna.ie/scleip/rialacha/

Foirm iontrála: http://www.gaelscoileanna.ie/scleip/foirm/