Méid an Téacs

Scoláireachtaí Lóistín i gColáiste Naomh Eoin, Inis Meáin don scoilbhliain 2013-14

Aibreán 3, 2013

Déanann an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta maoiniú ar dheich gcinn de scoláireachtaí lóistín gach bliain chun deis a tabhairt do ghasúir ón mórthír a bhfuil cónaí orthu i limistéir taobh amuigh den Ghaeltacht freastal ar Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin ar feadh na bliana acadúla. Tarlaíonn an maoiniú seo faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge.

Bronntar an scoláireacht ar bhun bliantiúil. Má bhíonn an scoil sásta go bhfuil an dalta ag déanamh dul chun cinn suantasach sa Ghaeilge agus go bhfuil sé/sí báúil do shaol agus do chultúr an oileáin d’fhéadfadh dalta scoláireacht a fháil dá t(h)réimse oideachais dara leibhéal ina iomláine, agus tabhairt faoi scrúduithe na hÁrdteistiméireachta ar an oileán.

Cláraíonn na scoláirí sa meánscoil áitiúil Coláiste Naomh Eoin áit a múintear réimse leathan ábhair tré mheán na Gaeilge. Chomh maith leis an sealbhú teanga, tá buntáistí oideachais den scoth ar fáil. Is scoil bheag í Coláiste Naomh Eoin, le líon íseal daltaí, tréithe a chinntíonn go bhfaigheann gach dalta deis foghlamtha go barr a gcumais mar go mbíonn áird a múinteoirí ar a dtoil acu. Tá an foireann teagaisc óg, bríomhar agus sár-oilte ina gceird. Tá cairdeas agus meas idir an fhoireann agus na daltaí rud a chinntíonn atmaisféar mealltach don fhoghlaim. Déanann na múinteoirí maoirseoireacht ar thréimhse staidéir tar éis scoile chun go mbeidh deis ag na gasúir a gcuid obair bhaile agus staidéar breise a dhéanamh ar a gcompórd. Bíonn na scoláirí faoi chúram na scoile le linn gnáthuaireanta scoile agus le linn imeachtaí eagraithe ag an scoil taobh amuigh den gnáth chleachtas.

Is faoi chúram na mná tí a thógann ról “Loco Parentis” orthu féin, a bhíonn siad an chuid eile den am a mbíonn siad ar an oileán. Bíonn criathrú óna gardaí faighte do gach ball teaghlaigh ós cionn ocht mbliana déag d’aois chun slándail agus sábháilteacht an dalta a chinntiú.

Is iad tuismitheoirí na scoláirí amháin a bhíonn freagrach astu le linn taistil chuig agus ón oileán.

Is áit álainn shuaimhneach í Inis Méain, áit a bhfuil faoiseamh agus ionspráid le fáil taobh le taobh, é caomhnaithe ag am agus ag traidisiún, áit a dtarlaíonn spreagadh na foghlamtha go nadúrtha mar gheall ar a sceirdiúlacht agus a saoirse ó chathú an t-saoil. Tá pacáistí lóistín ar chostas réasúnta de €5,500 in aghaidh na bliana ar fáil do dhaltaí a bheadh oiriúnach don scoil. Clúdaíonn an costas seo lóistín agus cothaíocht a fhad agus atá siad ar an oileán. Íoctar leath den chostas roimh thús na scoil bhliana agus an chuid eile i mí Eanáir. Tá uas-theorainn socraithe ag an scoil ar na pacáistí seo chomh maith chun a chinntiú nach gcailltear na buntáistí aitheanta, sin uimhreacha beaga agus áird phearsanta na dteagascóirí a théann le hoideachas i gColáiste Naomh Eoin ar Inis Meáin.

Maireann na scoláirí le teaghlach áitiúil ar Inis Meáin ar feadh na bliana, is í an Ghaeilge an teanga teaghlaigh sna tithe seo agus faigheann na scoláirí léargas ar an nGaeilge mar theanga bheo agus mar ghnáth theanga pobail. Fanann siad leis an gclann ar feadh na bliana, ag dul abhaile gach dara deireadh seachtaine agus le linn laethanta saoire.

Is féidir breis eolas a fháil ó www.colaistenaomheoin.ie nó glaoch ar Mhairéad Ní Fhátharta ag 0877775567 chun suim a léiriú.