Méid an Téacs

Uachtarán na hÉireann, an tUasal Micheál D. Ó hUiginn ag tréaslú le scoileanna lán-Ghaeilge ag Ceiliúradh 40 bliain Gaelscoileanna Teo.

Samhain 22, 2013

Ábhar riméid do Gaelscoileanna Teo., Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. agus pobal na scoileanna lán-Ghaeilge fud fad an oileáin an moladh agus an t-ardú meanma a thug Uachtarán na hÉireann, an tUasal Mícheál D. Ó hUiginn dóibh ag an gComhdháil Oideachais 2013 ar an 22 Samhain 2013.

Ba i gcomhthéacs mórsprioc Gaelscoileanna Teo. “an teanga Ghaeilge a chothú trí oideachas den ardscoth a sholáthar sna scoileanna lán-Ghaeilge” a labhair an tUachtarán faoin gceiliúradh atá á dhéanamh ag an earnáil “ar ár gcultúr, ar an mbealach ar leith a chuirimid muid féin in iúl, in ár dteanga dhúchais”.

Leag an tUachtarán comhthéas an cheiliúrtha amach leis na bhfocail croíúla do Gaelscoileanna Teo., “molaim sibh as an tacaíocht phraiticiúil a thugann sibh do scoilanna lán-Ghaeilge ar fud na tíre chun earnáil an oideachais lán-Ghaeilge a threisiú”.

Óráid thuisceanach, spreagúil agus fianaise-bhunaithe a bhí in óráid an Uachtaráin a thagair d’fhréamhacha, stair agus bunús earnáil na scoileanna lán-Ghaeilge, ach go háirithe ó 1973 nuair a bunaíodh Gaelscoileanna Teo., agus gan ach 12 bhunscoil agus 5 iarbhunscoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht sa deisceart. “Cúis bhróid agus dóchais tábhachtach é fás agus borradh as cuimse na nGaelscoileanna ar fud na tíre” leis an 144 bhunscoil agus 36 iarbhunscoil atá ann anois.

Aithníodh tábhacht an ghuth daonlathaigh i mbunú scoileanna le daichead bliain anuas agus go bhfuil an fhorbairt suntasach san earnáil “mar thoradh ar an éileamh ó thuismitheoirí agus ó phobal áitiúla” le gné riachtanach den bhfás sin ag aithint na tábhachta a bhaineann le meon dearfach na hóige agus a dtuismitheoirí ag labhairt na Gaeilge go laethúil.

D’fháiltigh rannpháirtithe go mór roimh aithint na mbuntáistí cognaíocha, sóisialta agus cultúrtha a bhaineann leis an gcóras tumoideachais do pháistí. Ábhar bróid a bhí ann do scoileanna aitheantas an Uachtaráin a fháil go bhfuil “gnóthú thar na bearta bainte amach ag an tumoideachas go hidirnáisiúnta agus i nGaelscoileanna na hÉireann, ní hamháin sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, ach sa Mhaitamaitic agus san Eolaíocht chomh maith”.

Deimhníodh san óráid nach féidir an dul chun cinn seo a dhéanamh i bhfolús, agus go bhfuil pobal láidir scoileanna agus pobal láidir Gaeltachta ina bhunchloch riachtanach den fhorbairt seo .

Ábhar dóchais agus spreagtha a bhí i mbeannacht dheiridh an Uachtaráin, “Mar Uachtarán na hÉireann, tá mé an-sásta tacú leis an obair go léir atá idir láimhe ag Gaelscoileanna Teoranta agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta chun an fhianaise a spreagadh go barr feabhais – is linne an teanga agus braitheann todhchaí na teanga orainn uile”.

Gabhann Gaelscoileanna Teo. agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. buíochas ó chroí leis an Uachtarán as teacht i láthair na Comhdhála Oideachais. Deir Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo., Bláthnaid ní Ghréacháin, “is mór againn an t-aitheantas a thug an tUachtarán don dá eagraíocht agus do na scoileanna trí teacht inár láthair agus trí ábhar spreagúil, dearfach agus mórtasach a thabhairt dúinn uile. Chuir cuairt an Uachtaráin go mór le rath na comhdhála oideachais agus le stádas an cheiliúrtha 40 bliain do Gaelscoileanna Teo.”

Eagraíocht chomhordaithe agus tacaíochta na scoileanna lán-Ghaeilge is ea Gaelscoileanna Teo.

Tuilleadh Eolais:
Oifig Gaelscoileanna Teo: 01 8535190 nó Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo., Bláthnaid ní Ghréacháin ag 086 8050335.