Méid an Téacs

Uachtarán na hÉireann, an tUasal Mícheál D. Ó hUigínn le dhá scór bliain na heagraíochta, Gaelscoileanna Teo. a cheiliúradh ag Comhdháil Bhliantúil agus Oideachais 2013

Samhain 19, 2013

Tiocfaidh Uachtarán na hÉireann i láthair d’oscailt na comhdhála dhá lá Ó Fhianaise go Barr Feabhais a bheidh ar siúl san óstán Johnstown House, ar an mBóthar Buí, Co. na Mí ar an Aoine 22 Samhain 2013.

Míníonn Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo. gur roghnaíodh an mana Ó Fhianaise go Barr Feabhais mar mhodh “chun aitheantas a thabhairt do na scoileanna lán-Ghaeilge, idir sean-bhunaithe agus nua, ar an éacht atá bainte amach acu ó bhunú, go fás, go forbairt agus is mór an t-ábhar bróid é do Gaelscoileanna Teo. go raibh ról lárnach againn ag éascú na forbartha seo thar dhá scór bhliain”

I gcomhthéacs na todhchaí, deir sí, “Táimid ag súil go mór leis na deiseanna a bheidh romhainn leanúint leis an ról tacaíochta agus comhordaithe thar ceann earnáil na scoileanna lán-Ghaeilge chun a chinntiú go leanfar le soláthar gaelscolaíochta fud fad na tíre agus ag tacú leo mar institiúid oideachais a éascaíonn agus a sholáthraíonn oideachas den scoth agus a chumasaíonn leibhéil ard cumais sa Ghaeilge”.

I gcomhthéacs láithreacht an Uachtaráin, deir sí, “Tá ríméad orainn gur ghlac Uachtarán na hÉireann lenár gcuireadh a bheith linn don cheiliúradh dhá scór bliain den eagraíocht. Fáiltímid go mór roimh an aitheantais seo ar thábhacht na hearnála agus luach na scoileanna lán-Ghaeilge dár tsochaí, agus a ról i bhfeidhmiú na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge”.

Féadfar clárú don Chomhdháil ach teagmháil a dhéanamh leis an oifig ag 01 8535195. Tá gach eolas faoin gComhdháil ar www.gaelscoileanna.ie. Gabhann Gaelscoileanna Teo. buíochas mór freisin le Foras na Gaeilge as an maoiniú do reáchtáil na Comhdhála seo.