Méid an Téacs

Féile Móshíológ

Bealtaine 25, 2017

Féile Moshíológ

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

MEACHT: Féile Moshíológ

DÁTA: Dé Sathairn 27ú Bealtaine 2017 (27/05/2017)

AM: 18.30 – 20.30

IONAD: Gáirdín na Scoile

EOLAS:

Dé Sathairn 27ú Bealtaine 6.30-8.30i.n. Déanfar ceiliúradh ar cheol Gaelach, ar dhamhsa Gaelach agus ar amhránaíocht Gaelach i ngáirdín Ghaelscoil Moshíológ. Ní fheicfear a leithéid do léiriú poiblí in aon áit eile. Beidh taispeántas ó bhaill de Chomhaltas agus Scoil Rince Gaelach Laura Kitt. Beidh amhránaíocht ar an sean nós ón ealaíontóir Colm Ó Braonáin agus an ceoltóir clúiteach Colm Mac Con Iomaire atá mar bhall den bhanna ceoil ‘The Frames’, ag seinm freisin. Chomh maith leis sin beidh taispeántas ó Cheolfhoireann Moshíológ, grúpa a bhfuil go leor gradam buaite acu. Beidh Dave Redmond, fear áitiúl agus láithreoir an chláir bhricfeasta ar South East Radio, mar fhear an tí ar an oíche.

Beidh Féile Moshíológ ar siúl amuigh faoin aer i ngairdín na scoile nó i halla na scoile má bhíonn an aimsir inár gcoinne.  Is imeacht don chlann ‘s don phobal é Féile Moshíólóg mar sin tá fáilte roimh chách. . Tóg picnic leat, buidéal, do pháistí, do mhamó is do chúpla focal. 5e don chlann ag an doras le haghaidh oíche den scoth. Chun tuilleadh eolais a fháil, lean muid ar FB ag www.facebook.com/gaelscoilmoshiolog