Méid an Téacs

Féile Peile Chonnachta – Corn Gael Linn ag dul ar ais go Cathair na Mart!

Bealtaine 30, 2016

Gaelscoil na Cruaiche, Cathair na Mart

Gaelscoil na Cruaiche:Foireann ríméadach  Ghaelscoil na Cruaiche, Cathair na Mar,  ag ceiliúradh a mbua athuair ag Féile Peile Chonnacht i Leitir Móir.

Foireann Ghaelscoil na Cruaiche, Cathair na Mart, a thug leo Corn Gael Linn arís eile ag Féile Peile Chonnacht Gael Linn i Leitir Móir, Déardaoin, 26 Bealtaine. Ní raibh ach cúpla scór eatarthu féin agus a bhfreasúra ó scoileanna Ros Muc agus Chamuis nuair a séideadh feadóg an réiteora don uair

dheireanach i gcluiche spórtúil. Bhí bród an domhain ar mhúinteoirí na foirne, Colm Ó Conghaile agus Máire Ní Fhaoláin, as éacht seo a bpeileadóirí óga don cheathrú bliain as a chéile!

Thréaslaigh Seán Ó Ceallaigh, as Gael Linn, a mbua leis an bhfoireann bhuacach, agus bhronn sé Corn Gael Linn ar bheirt chaptaen na foirne, Emily Ní Cheallaigh agus Shane Ó Máille.

Reáchtáladh an fhéile thar dhá lá – Dé Céadaoin 25 agus Déardaoin, 26 Bealtaine – agus bhí suas le 160 scoláire rannpháirteach ann ó Ghaelscoileanna agus ó bhunscoileanna an chúige – Gaelscoil na Cruaiche, Cathair na Mart, Gaelscoil Iarfhlatha, Tuaim, Gaelscoil de hÍde, Roscomáin, Gaelscoil Uí Cheithearnaigh, Béal Átha na Slua, Scoil Sailearna, Indreabhán, Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Scoileanna Chamuis/Rosmuc agus an fhoireann baile, Scoileanna Leitir Móir/Leitir Caladh, faoi chúram a múinteoirí díograsacha! Foirne mheascaithe, le naonúr imreoirí an taobh, a bhí i gceist, agus d’imir gach foireann trí chluiche ar a laghad le linn na féile. Cháiligh na foirne ba airde pointí do na leathchraobhacha, agus ansin an Chraobh.

Cuireadh fáilte roimh na cuairteoirí sna tithe lóistín áitiúla, agus thapaigh go leor acu an deis cuairt a thabhairt ar shuíomhanna spéisiúla an cheantair. Anuas ar na cluichí peile, cuireadh tráth na gceist boird, ceolchoirm agus céilí ar bun do na daoine óga sa Spórtlann.

Tá Gael Linn an-bhuíoch de Mháirtín Ó Meachair agus Bríd Ní Cheallaigh ó Chumann Lúthchleas Gael Naomh Anna a rinne formhór an eagrúcháin áitiúil, agus le coiste na páirce a chuir gach áis ar fáil don ócáid.

Bhí an fhéile cúige seo ar cheann de chúig fhéile peile den chineál céanna a bheidh á n-eagrú ag Gael Linn le linn mhí Bealtaine agus mhí an Meithimh.

Tuilleadh eolais:  Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie