Méid an Téacs

‘Féileacán’ – Axis: Baile Munna, i bpáirt leis an NAYD.

Meán Fómhair 23, 2016

Bunaíodh an NAYD um 1980 chun tacú le forbairt an amharcannaíocht Éireannach do daoine óga. Ó shin i léith tá an NAYD ag tacú le drámaíocht do dhaoine óga agus iad ina mbun nó i polaisaí, ag moladh buntáistí dhaoine óga ag glacadh páirte ann, ag cur comhionnanas chun cinn agus tabhairt ceannasaíochta san éarnáil. Bhí an-áthas ar an NAYD obair a dhéanamh le hAxis, Baile Munna chun an dráma seo a choimisiúnú ó Chiarán Gray. Scríofa i nGaeilge, tugann sé deis d’amharclanna, scoileanna agus grúpaí drámaíocht eile dráma a chur i láthair trí Ghaeilge.

Tá Axis i gcroílár na healaíne, suite i dtuisceart Átha Cliath agus ar léarscáil chultúrtha na gcathrach, is ionad ealaíne ildisciplíneach í Axis agus is áis don phobal agus don chathair í. Tá cláracha Axis thar cionn agus tá ionclúideadh an phobail ag croílár léiriú ealaín iontach agus i bhforálú deiseanna do thaithí ealaíne de chaighdeán idirnáisiúnta. Tá ár gclár bainte amach trí cheithre príomhfeidhm: Suíomh Ealaíne, Léiriú Comhlachta, Forbairt Ealaíne agus Ionad Pobail.

Féileacán le Ciarán Gray

Dráma i nGaeilge faoi roghanna

Méid na foirne: 12
Fireann: 6
Baineann: 6
Réimse aoiseanna: 15+

Líom ama: 60 nóim
Coimisiúnaithe ag Axis: Baile Munna, i bpáirt leis an NAYD. Maoinithe ag Foras na Gaeilge.

 

ACHOIMRE

Ag leanúint ó thraidisiún Mary Lavin i The Story of the Widow’s Son  agus níos déanaí le Sliding Doors, díríonn Féileacán ar ghrúpa de dhaoine Éireannacha óga agus na roghanna dhéanann siad. Tosnaíonn se le píosa gear sa todchaí, i bhFéileacán amach anseo, cá háit a rachaidh na daoine seo, agus cén bealach a thabharfaidh siad faoi dhul ansin? Cuireann sé an cheist uafásach sin “dá má rud é gur dhein mé sin in ionad seo?”. Le nodanna do rí-rá agu ruaille buaille agus leannáin nár tharla ach a bhí de cheart acu a tharlú. An féidir linn dada a dhéanamh ach súil a bheith againn go gheobhaidh muid i gceart é?

Oiriúnach do dhaoine óga  15+,is dráma Féileacán é a mbeifeá ar bís á fheiscint agus cuirfidh sé dúshlán  ar dhaoine óga, agus meallfaidh se iad chun ceisteanna a chuir faoina roghanna féin agus an domhain a bhfuil conaí ann sa lá atá inniu ann.

Chun cóip den script a léamh, dean teagmháil le Alan King ag an NAYD. alan@nayd.ie nó Niamh Ní Chonchubhair ag Axis niamh.nic@axisballymun.ie

www.axisballymun.ie / www.nayd.ie