Méid an Téacs

Fíbín ag cur tús le clár na bliana le Clann Lir

Feabhra 16, 2017

Capture

Tá Áras Inis Gluaire ag obair ar chomhléiriú le Fíbín ar leagan nua den scéal Clann Lirfaoi threoir a Stiúrthóir Ealaíonta, Brendan Murray. Is seó ar leith atá ann a thugann ealaín, damhsa, scéalaíocht agus ceol le chéile.

Cruthóidh an t-ealaíontóir Dara McGee sraith íomhánna corraitheacha beo ar stáitse le linn an scéil agus an méid a thit amach nuair a díbríodh Finola agus a triúr deartháireacha chun 900 bliain a chaitheamh mar ealaí i mbun ceoil i trí cheantar iargúlta in Éirinn.

Beidh Clann Lir á léiriú i Maigh Eo, i nGaillimh agus i gConamara mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2017. Tá an seó feiliúnach do gach aoisghrúpa.

IONAID & DÁTÁI:

  • 2 Márta: 11r.n, Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo
  • 13 – 15 Márta: Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

*13 & 14 Márta ag 10r.n & 12i.n

*15 Márta ag 8i.n