Méid an Téacs

Fíbín: Comórtas Náisiúnta Ealaíne

Feabhra 10, 2017

Tá Fíbín ar ais arís i mbliana le Comórtas Náisiúnta Ealaíne agus muid sa tóir ar an chéad íomhá poiblíochta eile don dráma ‘An Triail’, a bheidh ag dul ar camchuairt i mí Deireadh Fómhair. Cuireadh oiread sin suim sa chéad chomórtas a reáchtáil muid an bhliain seo caite agus fuair muid neart iontrálacha isteach ó scoileanna mórthimpeall na tíre. Tá duais iontach le buachan, ina measc táibléad Android, 30 ticéad don rang chun An Triail a fheiceáil ar stáitse agus seisiún príobháideach Ceisteanna & Freagraí leis na haisteoirí tar éis an seó. Ba scoláire as Mayfield Community School i gCorcaigh a bhuaigh an duais anuraith ach cá bhfios cén cearn den tír a gcríochnóidh an duais mhór suas ann an bhliain seo.  Is féidir na treoirlínte a léamh ar ár suíomh gréasáin anseo

Comórtas Póstaer

Beidh dearadh an bhuaiteora le feiceáil ar bhallaí in amharclanna ar fud na tíre agus in ábhar poiblíochta ar shuíomh Gréasáin Fíbín agus ar a gcainéil meáin shóisialta chomh maith. Tá neart am chun bhur n-iontrálacha a fháil isteach, idir seo agus an spriocdháta 19 Bealtaine 2017. Má tá aon cheisteanna seol ríomhphost chuig margaiochtfibin@gmail.com