Méid an Téacs

Fíbín: Tóraíocht

Deireadh Fómhair 27, 2016

fibin

Tá an comhlacht drámaíochta Gaeilge Fíbín i nGaillimh ag léiriú leagan nua den scéal eipiciúil “Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne”. Tá “Tóraíocht” scríofa ag Philip Doherty agus stiúrtha ag Mikel Murfi, aisteoir agus stiúrthóir iomráiteach.

Is scéal grá lán le héachtaí aisteacha agus fathaigh é “Tóraíocht”. Bogann an scéal ar aghaidh níos tapa ná haon rás carranna, léimeann an scéal níos airde ná haon léimneoir cuaille agus tá dhá oiread grá sa scéal agus a bheadh ag aon Fhrancach agus Diarmaid agus Gráinne ag déanamh iarracht a bheith céim chun tosaigh ar Fionn agus na Fianna! Insítear an scéal i nGaeilge agus i mBéarla trí amharcíomhánna cumhachtacha a úsáid.

Dúirt léiritheoir Fíbín, Ruth Gordon go bhfuil “an-ríméad ar Fíbín a bheith ag obair le Mikel Murfi agus le Philip Doherty ar scéal chomh corraitheach mar seo. Thosaigh muid ag caint ar “Tóraíocht” breis agus dhá bhliain ó shin agus tá muid ar bís go bhfeicfidh lucht féachana an léiriú mealltach, bríomhar agus an-ghreannmhar seo ar stáitse”.

Tá foireann cumasach de sheisear sa chliar, Lesley Conroy, Kate Finegan, Liz Fitzgibbon, Jonathan Gunning, Fionnuala Gygax, agus Seán T. Ó Meallaigh. Áirítear an scríbhneoir Philip Doherty agus an dearthóir seit Sabine Dargent a bhfuil iliomad gradaim buaite acu i measc an fhoireann chruthaitheach. Bhí Sabine agus Mikel ag obair le chéile le gairid ar “Swan Lake / Loch na hEala”, ceann de na léirithe is mó a sheas amach ag an Dublin Theatre Festival.

Beidh Fíbín ar stáitse le “Tóraíocht” sa Dubhlann i nGaillimh ón 10-13 Samhain le léirithe tráthnóna agus iarnóna. Tá “Tóraíocht” dírithe ar dhaoine os cionn 16 bliain d’aois agus beidh léiriú speisialta ag Fíbín do scoileanna ar an Aoine 11 Samhain ag 2i.n. Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun ticéid a chur in áirithe téigh chuig www.tht.ie nó glaoigh ar 091-569777.

Tá Fíbín ar an gcomhlacht drámaíochta Gaeilge is mó agus is gníomhaí in Éirinn. Téann Fíbín ar camchuairt go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Fuair “Tóraíocht” maoiniú ón gComhairle Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.