Méid an Téacs

Fleadh agus Aonach Fhine Gall 15 – 17 Meán Fómhair, Sord

Meán Fómhair 12, 2017

Beidh Fleadh agus Aonach Fhine Gall ar siúl den chéad uair riamh idir an 15 agus an 17 Meán Fómhair i Sord, Co. Átha Cliath, mar chuid den Chlár Éire Ildánach atá ar bun ag Comhairle Contae Fhine Gall don bhliain 2017. Ceiliúrfar traidisiúin láidir an cheoil i bpobal Fhine Gall le linn na hócáide agus beidh sí dírithe ar sheisiúin teagaisc, rannpháirtíocht agus léiriú. Cuirfidh roinnt de na daoine is mó le rá i gceol traidisiúnta na hÉireann ceardlanna, ceolchoirmeacha agus cainteanna saor in aisce i láthair thar an deireadh seachtaine. Beidh Caisleán Shoird ag croílár na hócáide agus is ann sin a bheidh ceolchoirm an-speisialta ina bhfaighfear léirithe ó Mike McGoldrick, John Doyle agus John McCusker agus A Stór Mo Chroí.

Is é Comórtas Buscála an príomhrud a bheidh ar siúl i Sord Dé Sathairn an 16 Meán Fómhair. Beidh an tSráid Mhór dúnta don trácht lena linn. Bronnfar duais €500 ar na buaiteoirí sa Gig Rig. Beidh siadsan ar an ardán roimh léiriú Dervish, príomhaoi na hócáide, freisin.

Chomh maith leis seo, beidh ceardlann ar siúl san Atrium, i Halla an Chontae Dé Sathairn ar 12 meán lae le John Spillane ina a mbeidh sé ag múineadh amhráin thraidisiúnta  “Songs We Learned in School” do pháistí, a leithéid de Bháidín Fheilimí, Trasna na dTonnta, Bean Pháidín , Amhrán na bhFiann agus I’ll Tell Me Ma. Íoslódáil na hamhráin agus a gcuid liricí anseo. Is imeacht dátheangach é seo agus beidh deis ag na páistí canadh iad féin agus is beidh go leor spraoi ag baint leis.  Beidh sé seo oiriúnach do pháistí bunscoile agus is dócha daoine fásta atá fós mar pháistí ina gcroí !!

Ar thailte meánaoiseacha Chaisleán Shoird, óstálfar clár ceardlann, ceadal agus cainteanna in “Ollphuball Ionad Ealaíon Séamus Ennis”. Ag an am céanna, beidh aonach beoga bia, di agus ceardaíochta ar siúl agus beidh rogha leathan ionstraimí ceoil le fáil sa Séipéal galánta athchóirithe. Eagrófar Rian Seisiún ar fud an bhaile chomh maith. Cuirfidh ceoltóirí ó gach cuid den tír léirithe ar fáil lena linn, lena n-áireofar Alan Doherty, Karan Casey, Tola Custy, Muireann Nic Amhlaoibh agus Donogh Hennessy. Beidh léirithe saor in aisce ó Ulaid, John Spillane, Lumiere, Liam O’Connor agus Seán McKeon agus cuid mhór daoine eile ar siúl sa Gig Rig freisin.

Tar le chéile le do chairde uile ón bhFleadh chun éisteacht le cúpla amhrán agus ceol breá thar dheireadh seachtaine Chluiche Ceannais Peile na hÉireann.

Ticéid / Cead Isteach

Is ócáid saor in aisce í seo agus tá fáilte roimh chách.

Conas an Láthair a Shroicheadh

Is féidir teacht go Sord le gluaisteán ar Bhóthar M1/N1 (Baile Átha Cliath-Béal Feirste). Fág an bóthar ag acomhal 3 agus lean na comharthaí bóthair go Sord.

Busanna: Mearbhus Shoird, 41, 41b, 41c, 33, 102

www.dublinbus.ie

Páirceáil

Beidh páirceáil ar fáil sa charrchlós ag Bóthar Bhaile na Mara agus in Ionad Siopadóireachta Lár Shoird/Pavillions

Inrochtaineacht

Déan teagmháil linn go díreach ag events@fingal.ie má tá aon riachtanais shonracha rochtana agat ba mhaith leat a phlé linn.

DL Flyer_Irish