Méid an Téacs

Folúntas san Áisaonad (Coláiste Mhuire)

Deireadh Fómhair 11, 2017

aisa

Tá Comhairleoir Oideachais de dhíth ar an Áisaonad i gColáiste Mhuire don tréimhse go dtí 30 Meitheamh 2018.

Is saininstitiúid ardoideachais ardfheidhmíochta é Coláiste Mhuire atá

bunaithe ar chreideamh, sa traidisiún Caitliceach, agus tá comhsholáthar acadúil aige le hOllscoil na Ríona, Béal Feirste. Tá daoine leis an taithí chuí agus atá spreagtha á lorg aige le bheith mar bhaill den fhoireann le cur le rath an choláiste san am atá le teacht. Mar chúiteamh, tairgeann Coláiste Mhuire tuarastal agus coinníollacha tarraingteacha, ballraíocht i scéim pinsean sochar sainithe (TPS) agus teidlíocht saoire fhlaithiúil.

 Comhairleoir Oideachais 

£37,706 – £50,618 comhlán sa bhliain. Ceapfar an t-iarratasóir a n-éireoidh leis ar bhonn téarma sheasta go dtí 30 Meitheamh 2018. Cuirfear iarratasóirí a bhfuil deis téarma iasachta á lorg acu san áireamh.

Íoslódáil paca eolais ó http://www.smucb.ac.uk/employment/ le tuilleadh eolais faoin ról, critéir roghnúcháin agus foirm iarratais a fháil. Nó iarr paca eolais ag recruitment@smucb.ac.uk nó trí ghlao gutháin a chur ar 028 9026 8207. Ní mór iarratais a bheith againn tráth nach moille ná 12 meán lae, Dé Céadaoin, 18 Deireadh Fómhair 2017. Glacfaidh an Coláiste le foirmeacha iarratais a chuirfear trí ríomhphost.

Is Fostóir Comhdheiseanna é Coláiste Ollscoile Naomh Muire agus cuireann sé fáilte roimh iarratais ó gach cuid den phobal, go háirithe iad siúd atá faoi mhíchumas. Faoi láthair, tá tearcionadaíocht ag an phobal Phrotastúnach i measc na foirne. Mar sin de, chuirfí fáilte ar leith roimh iarratais ón chuid seo den phobal.