Méid an Téacs

Gaeilge 24

Deireadh Fómhair 17, 2014

Beidh daltaí scoile ag tabhairt faoin dúshlán Gaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair an chloig ar Dé Máirt 11 Samhain. Tá deis fós ag scoileanna clárú leis an dúshlán spreagúil agus taitneamhach seo atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge!

An Dúshlán
Is í aidhm an dúshláin seo ná daoine óga a spreagadh chun labhairt as Gaeilge amháin do 24 uair a’ chloig: sa bhaile, ar scoil, le siopaí agus gnólachtaí, timpeall an bhaile, le cairde, sa chlub spóirt nó óige agus eile!

An Dáta
Dé Máirt 11 Samhain 2014- nó lá eile a oireann don scoil an tseachtain sin
* Is gá spéis a léiriú roimh 17/10 chun cártaí urraíochta a fháil
* Is gá uimhreacha a dheimhniú roimh 24/10 le cinntiú go bhfaighidh gach dalta pacáiste

Cén Fáth
Seo an tríú bliain de Gaeilge 24. Gach bliain bíonn níos mó scoileanna páirteach agus is breá leis na daltaí an dúshlán
Cuideoidh sé le hintinní na ndaoine óga a oscailt & eispéireas dearfach a thabhairt dóibh maidir le húsáid na Gaeilge ina saoil.
Beidh na mílte ag glacadh páirte ann. Táimid ag tnúth le breis is 200 scoil i mbliana agus 20,000 dalta

Beidh an tionscadal seo oiriúnach do mhúinteoirí agus ceannairí óige atá ag iarraidh a gcuid daltaí a spreagadh ó thaobh na Gaeilge de. Gheobhaidh gach dalta pacáiste tacaíochta ina mbeidh t-léine, banda lámha, bileoga frásaí, cárta urraíochta agus smaointe don lá. Is dúshlán bailithe airgid é Gaeilge 24 agus tathar ag iarraidh ar gach dalta €10/ £8 a bhailiú  Tabharfar gach brabús do Chonradh na Gaeilge chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge ar fud na hÉireann.

Cláraigh anois

Tá tuilleadh eolais faoin feachtas ar fáil ag

www.cnag.ie/gaeilge24    +353 (0)1 4757401      Gaeilge24@cnag.ie

Tá bileog eolais ar fail anseo: Bileog_Eolais_Gaeilge_24

Gaeilge24 2014 Postaeir rp