Méid an Téacs

‘Gliondar’ ar chroí Uachtarán na hÉireann i nGaelscoil Mhic Easmainn i dTrá Lí

Bealtaine 19, 2016

Labhair an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn le múinteoirí agus scoláirí Ghaelscoil Mhic Easmainn ar an Déardaoin 21ú Aibreán, sula ndeachaigh sé go dtí Trá na Beannaí don chomóradh stáit ar theacht i dtír Ruairí Mhic Easmainn céad bliain ó shin.

1
Ní dhéanfaidh scoláirí Ghaelscoil Mhic Easmainn i dTrá Lí dearmad go deo air. Bhí an cairpéad dearg amuigh, na páistí ag seinm agus ag canadh agus iad ag fanacht ar chuairt an Uachtaráin.

Shroich Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn agus a bhean chéile, Saidhbhín, an scoil ag a leathuair tar éis a deich ar an Déardaoin 21u Aibreán.

Labhair an tUachtarán le múinteoirí agus scoláirí na scoile sula ndeachaigh sé go dtí Trá na Beannaí don chomóradh stáit ar theacht i dtír agus gabháil Ruairí Mhic Easmainn céad bliain ó shin.

Capture

Bhí na daltaí ag tnúth go mór leis an gcuairt agus chuireadar scoth na siamsaíochta, idir cheol agus drámaíocht, i láthair an Uachtaráin agus an laoch mór a bhfuil an scoil féin ainmnithe ina dhiaidh, Ruairí Mac Easmainn, á chomóradh.

3

“Tuigimid ar fad an meas atá ag an Uachtarán ar theanga agus ar chultúr na Gaeilge agus an spéis atá aige sa teanga. Tugann an Ghaeilge ‘súil eile’ dúinn chun féachaint ar an saol ar fad,” a dúirt Príomhoide Ghaelscoil Mhic Easmainn, Cáit Uí Chonchúir.

Dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn gur chuir an meas ar an teanga a léirítear i nGaelscoil Mhic Easmainn “gliondar croí” air.

4

“Caithfimid an dara seans a thabhairt don teanga. Cuireann sé gliondar ar mo chroí nuair a bhuailim le páistí, le tuismitheoirí agus le múinteoirí cosúil libhse atá ag treabhadh i ngort na Gaeilge,” a dúirt an tUachtarán.