Méid an Téacs

Gradaim Idirlín do Scoláirí Óga

Eanáir 27, 2014

Spriocdháta d’iarratais ar an gcomórtas idirlín do scoláirí óga sínte go dtí 7 Márta 2014.

Beidh Gradaim na nDamhán Alla de chuid Eircom ar siúl i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS) ar 1 Bealtaine 2014. Is comórtas é seo a thugann aitheantas do shaothar teicneolaíochta dhaltaí scoile agus a múinteoirí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna na tíre.

I measc na gcatagóir uile, tá gradaim ar leith don suíomh Gaeilge is fearr, bíodh sin ina suíomh Gaeilge amháin, nó ina suíomh dátheangach. Is féidir láithreán gréasáin nó blag a chur san áireamh don chomórtas seo, ach go mbeidh an Ghaeilge á húsáid ann ar bhealach cruthaitheach agus nuálach. Tá an catagóir don ‘Suíomh is Fearr’ urraithe ag Foras na Gaeilge.

Roinntear an comórtas i réimsí ar leith: MEGA do bhunscoileanna; GIGA d’ iar-bhunscoileanna, blianta 1-3; agus TERA d’iar-bhunscoileannta, blianta 4-6. Faoi gach aon réimse tá catagóirí ar leith d’ábhar áirithe.

Anuraidh ba iad Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath a thóg leo an duais TERA don suíomh Gaeilge is fearr leis an suíomh ‘Níos Aclaí Anois’ agus bhí an bua ag Coláiste Cholmáin, Maigh Eo sa chatagóir céanna ag leibhéal GIGA lena suíomh ‘Irish Exam Guide’.

Glacfar le hiarratais ó scoláirí agus ag scoileanna ar na Gradaim go dtí 7 Márta 2014 agus eiseofar an gearrliosta ar an 28 Márta 2014. Bronnfar na gradaim ag ócáid speisialta ar an 1 Bealtaine 2014 san RDS i mBaile Átha Cliath 4 áit a mbeidh deis acu siúd ar fad a bhain an babhta ceannais amach a láithreáin ghréasáin a chur os comhair an phobail ag an ócáid.

Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas seo ar fáil ar www.juniorspiders.ie agus is féidir póstaer a íoslódáil agus a phriontáil do do scoil féin ach gliogáil ar an nasc seo: Póstaer don Scoil.

Foilsithe ar Gaelport.com