Méid an Téacs

Is Eolaí Mé ag tosú tráthnóna ar Cúla 4!!

Meán Fómhair 20, 2016

capture

Ná déanaigí dearmad go bhfuil an tsraith nua eolaíochta ‘Is Eolaí Mé’, dírithe ar dhaoine óga idir 8-12 bliain d’aois ag tosú tráthnóna ar Cúla 4 ag 5.25i.n – Beidh an clár á chraoladh gach Máirt agus Déardaoin as seo go Nollaig! Beidh an clár ar fáil ar sheinnteoir TG4 chomh maith, a bheidh an-úsáideach do mhúinteoirí sa seomra ranga. Seolfar an suíomh gréasáin www.cula4.com/iseolaime inniu chomh maith agus beidh gach eolas le fáil anseo faoi thurgnaimh eolaíochta, faoin mír ‘Déan é seo sa Bhaile’ agus gach ní eile a bhaineann leis an gclár.

Is faoi chúrsaí Maighnéadas atá an chéad chlár agus téama difriúil á chur i láthair ag Peadar i ngach clár. An raibh a fhios agat gur maighnéad mór amháin é an domhan agus an ghrian chomh maith?  An raibh a fhios agat go bhfuil maighnéid i ríomhairí, i dtáibléid agus i bhfóin phóca?  Inniu tugann Peadar cuairt ar cheann de na maighnéid is mó sa tír ag ionad athchúrsála miotail.  Téann Úna & a cairde ag treodóireacht sa choill agus caithfidh siad an bealach a dhéanamh ag úsáid léarscáil agus compás.Beidh Dylan Seoighe & Chelsea Seoighe ag cabhrú le Peadar sa stiúideo chun maighnéad a dhéanamh. Cuireann Aodh an dallamullóg ar an Ollamh nuair a théann sí i bhfolach faoin mbord le maighnéad mór.

Beidh an-spraoi ag Peadar, Úna agus a gcairde ag fiosrú cúrsaí eolaíochta i ngach clár mar sin déanaigí cinnte a bheith ag féachaint ar Cúla 4 gach Máirt agus Déardaoin ag 5.25 sa tráthnóna!!