Méid an Téacs

Le Bánú an Lae le Tomás Mac Giolla Bhrighde

Iúil 7, 2016

1

Aisteoirí Ghaoth Dobhair

Sa dráma trí ghníomh seo, a thiteann amach le linn Chogadh na Saoirse, dírítear ar mhórchlaochlú polaitíochta agus sóisialta na linne. Léiríonn sé an tionchar a bhí ag Parnell, ag Éirí Amach na Cásca agus ag an Chogadh Mór ar Éirinn i gcoitinne agus ar a pobal ionúin. Is tiarna talún Angla-Éireannach é Robert Munro a gcuirtear iachall air aghaidh a thabhairt ar réadúlacht chruálach an chogaidh nuair a thagann cuairteoir gan choinne gan fáilte thar a dhoras isteach.

  • Dáta: Domhnach 10 Iúil 2016
  • Am: 8pm
  • Ticéid: €12/10

Tá Aisteoirí Ghaoth Dobhair i mbun feachtas uaillmhianach chun an amharclann cháiliúil áitiúil a athchóiriú, sa dóigh is go dtig foirmeacha ealaíne éagsúla a chur i láthair an phobail trí Ghaeilge. €600,000 an costas iomlán atá ar an tionscadal agus tá maoiniú stáit de €480,000 faighte ag an choiste le gairid. Más mian leatsa cuidiú leo an chuid eile den airgead a bhailiú nó má tá tuilleadh eolais uait, tabhair cuairt ar www.amharclann.com nó scríobh chuig eolas@amharclann.com

Cuir in áirithe anois: http://www.angrianan.com/event/le-banu-an-lae-le-tomas-mac-giolla-bhrighde/