Méid an Téacs

Léigh agus Pléigh 1916

Aibreán 6, 2016

Seoladh Léigh agus Pléigh 1916Cuid de na daoine a bhí i láthair ag Seoladh Léigh agus Pléigh i Lárleabharlann Leitir Ceanainn ag deireadh mhí Mhárta, ina measc ionadaithe ó Leabharlanna TÉ, Oifigigh Forbartha Gaeilge, Baill Foirne Leabharlainne, agus ionadaithe pobail agus Gaelscolaíochta.

Tá Seirbhísí Leabharlainne Chontae Dhún na nGall, i gcomhar le Leabharlanna TÉ i nDoire agus i dTír Eoghain, i ndiaidh togra léitheoireachta pobail a sheoladh dar teideal ‘Léigh agus Pléigh 1916’, agus táthar ag iarraidh ar dhaoine aonaracha, clubanna leabhar, agus ar ghrúpaí Gaeilge páirt a ghlacadh sa togra a bheas ag toiseacht i mí Aibreáin leis an chéad leabhar ‘Seachtar na Cásca’, a scríobh an t-údar Aindrias Ó Cathasaigh. Tá tacaíocht á tabhairt don scéim ag Oifigigh Forbartha Gaeilge i dTír Eoghain, i nDoire agus i nDún na nGall. Is féidir sonraí maidir le clárú don togra a fháil ag bun an phreas-ráitis seo.

Agus í ag caint ag an chomh-sheoladh i Lárleabharlann Leitir Ceanainn an tseachtain seo caite, dúirt Maura Craig ó Leabharlanna TÉ go bhfuil lúcháir uirthi tacú leis an togra comhoibritheach seo idir na seirbhísí leabharlainne agus i measc an phobail sna trí chontae san iarthuaisceart.

“De bharr an fás atá tagtha ar an ghaelscolaíocht agus ar phobail Ghaeilge i dTír Eoghain agus i nDoire, agus ós rud é go bhfuil dáimh nádúrtha ag na pobail seo le Gaeltacht Thír Chonaill, mar a labhraítear an teanga mar theanga dhúchais an phobail go fóill, tá lúcháir ar Leabharlanna TÉ nascanna a chothú idir na pobail seo tríd an togra léitheoireachta seo’ arsa Maura.

Cé go bhfuil an togra dírithe ar dhaoine atá os cionn 16 bliana d’aois, d’fháiltigh Maura roimh bheirt dhaltaí óga ó Ghaelscoil Uí Dhochartaigh ar an tSrath Bán, Co. Thír Eoghain, chuig an ócáid. Léigh an bheirt acu sleachta as an chéad leabhar ‘Seachtar na Cásca’, leabhar ina dtugtar cuntas gairid ar shaol agus ar shaothar an tseachtair a shínigh Forógra na Poblachta in 1916. An t-ábhar ar fad a léifear mar chuid den togra seo beidh baint aige le stair agus scéal na hÉireann agus na ndaoine sa bhliain 1916. Bainfidh cuid de leis an Éirí Amach in 1916 agus na príomh-rannpháirtithe a bhí ann. Bainfidh cuid de leis an Chéad Chogadh Domhanda a bhí ag leanstan ag an am. Bainfidh cuid de le saol na ngnáthdhaoine ag an am sin chomh maith.

 

Lógó Libraries NI

Is comhthogra leabharlainne é seo idir Seirbhísí Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Leabharlanna TÉ, agus roinnt Oifigigh Forbartha Gaeilge i nDoire, i nDún na nGall agus i dTír Eoghain.

 

Ós rud é gur scríbhinní stairiúla, úrscéalta agus sleachta suntasacha a bheas san ábhar léitheoireachta, tá an scéim dírithe orthu siúd a bhfuil Gaeilge réasúnta líofa acu, nó a bhfuil a gcuid Gaeilge go measartha maith. Má bhí Gaeilge measartha maith agat ar scoil, agus dá mba mhaith leat pilleadh ar an teanga arís, tá fáilte romhat clárú leis an togra léitheoireachta.

 

Labhair Seán Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall, faoin tábhacht a bhaineann leis an léitheoireacht sa Ghaeilge. ‘Beatha teanga í a labhairt, agus tá cuid mhór saoránach, idir óg agus aosta, ag caint Gaeilge go laethúil anois. Ach buanú agus doimhniú teanga í a léamh, bíonn tuiscint níos fearr agat ar an teanga, faigheann tú léargas úr ar chúrsaí an tsaoil, agus déantar do shaol a shaibhriú. Mar dhuine mé féin a d’fhoghlaim an Ghaeilge níos moille i mo shaol, tuigim go han-mhaith an dóigh ar chuidigh leabhair Ghaeilge go mór leis an phróiseas foghlamtha. Tá lúcháir orm go bhfuil na seirbhísí leabharlainne ag spreagadh cainteoirí Gaeilge ar fud na dtrí chontae anseo san iarthuaisceart, agus b’fhéidir níos faide anonn, le páirt a ghlacadh sa scéim seo’.

Go bunúsach, is é atá i gceist go dtugtar cuireadh do dhaoine aonaracha, nó do chlubanna leabhar, leabhar amháin a léamh i nGaeilge gach mí. Ag deireadh na míosa beidh ócáid ar siúl i leabharlann amháin i gceann amháin de na trí chontae atá páirteach, agus bí aoichainteoir, díospóireacht tábla agus ócáid shóisialta ina dhiaidh, ina mbeidh comhrá, ceol, amhránaíocht agus comhluadar idir chainteoirí Gaeilge ón réigiún.

Mura bhfuil an leabhar agat cheana féin, is féidir leat é a fháil ar chúpla dóigh.

  1. Ar dtús, tá cuid acu, an chéad leabhar ina measc, ar fáil le ceannach ar líne ar an idirlíon, ar shuíomhanna ar nós www.udar.ie,  www.litriocht.com,  www.cic.ie, agus www.cnagsiopa.com.
  2. Chomh maith leis sin, is féidir go bhfuil cuid de na leabhar ar fáil i leabharlanna áitiúla, agus ba chóir duit seiceáil ansin.
  3. Nó, sa bhreis air sin, tá líon áirithe leabhar ar fáil ó Oifig Forbartha Gaeilge Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus is féidir dul i dteagmháil leis an oifig sin ag na sonraí teagmhála ar an fhoirm chláraithe.

Aon duine nó aon ghrúpa atá ag iarraidh a bheith páirteach sa togra léitheoireachta seo, ba chóir an Fhoirm Chláraithe ag an nasc thíos a líonadh isteach, agus í a sheoladh ar ais chuig an seoladh poist nó chuig sdaimhin@donegalcoco.ie.

Foirm Chláraithe do Léigh agus Pléigh 1916

Stór Focal mar chuidiú le leabhar mhí Aibreáin: ‘Seachtar na Cásca’. (Beidh sé seo ar fáil go luath)‌

Teagmháil:

Seán Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear. (074) 9172496

– See more at: http://www.donegalcoco.ie/ie/cultur/anghaeilge/imeachta%C3%AD%20gaeilge/l%C3%A9igh%20agus%20pl%C3%A9igh%202016/#sthash.b6wIfUqf.dpuf