Méid an Téacs

Mac Piarais i bPictiúir

Meitheamh 13, 2016

MAC PIARAIS MAIN PUBLICITY IMAGE

Beidh léiriú speisialta den seó Mac Piarais i bPictiúir le Fíbín i nGaelscoil Lios na nÓg i Raghnallach i mBaile Átha Cliath 6 Dé Céadaoin seo 15ú Meitheamh ag 8 sa tráthnóna. Beidh ticéid le fáil ar an doras ar €10 ar an oíche. Rinne Fíbín camchuairt le gairid ar na Stáit Aontaithe agus ar Cheanada leis an seó céanna agus d’éirigh go hiontach leis thall!

Athchruthú iontach é ‘Mac Piarais i bPictiúir’ ar Éirí Amach na Cásca in Éirinn i 1916.  Scríofa agus leagtha amach ag Dara McGee agus Harry McGee. Díríonn an léiriú ar chúigear phríomh-phearsana ón Éirí Amach agus tarlaíonn casadh drámatúil ag an deireadh, nach mbíonn aon súil leis. Baintear leas as an ealaín bheo, an ceol beo agus an scéalaíocht bheo le linn an léirithe.

Coinnigh súil amach don seó ag féilte ceoil agus ealaíne i gcaitheamh an tsamhraidh chomh maith!!