Méid an Téacs

Maoiniú do ghearscannáin Ghaeilge

Meitheamh 27, 2013

Agus Féile Scannán na Gaillimhe nach mór buailte linn, tá sé tráthúil go bhfuil sé fógartha ag Bord Scannán na hÉireann go gcuirfear maoiniú €10,000 an ceann ar fáil le haghaidh dá gearrscannán Gaeilge, ocht nóiméad ar fhad, faoin scéim mhaoinithe scannánaíochta Ghaeilge, Gearrscannáin.

Tá sé mar aidhm ag an scéim daoine nua a spreagadh le gearrscannáin nuálacha a dhéanamh, a bheadh oiriúnach do lucht féachana faoi chúig bliana déag d’aois. Ba chóir go mbeadh suim ag gach sórt aoisghrúpa in ábhar na ngearrscannán.

Bhí an-rath ar an scéim seo le blianta beaga anuas, le scannán ar nós Yu Ming is Ainm Dom’ Lipservice, Cáca Milis, Rolla Saor agus New Boy déanta dá bharr agus tá an gearrscannán Clare sa Spéir in úsáid ar shiollabas na hArdteiste.

Is gá d’iarrthóirí a léiriú go bhfuil saothar scannánaíochta curtha i gcrích acu cheana féin, nach ábhar ollscoile atá ann, agus ní ghlacfar le hiarratais ó mhic léinn lánaimseartha. Is é 26 Iúil an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Beidh an focal scoir ag painéal moltóirí Bhord Scannán na hÉireann. Tá tuilleadh eolais faoin scéim, mar aon lena rialacha, ar fáil ar shuíomh Bhord Scannán na hÉireann, www.irishfilmboard.ie.

www.advertiser.ie/galway

Foilsithe ar Gaelport.com 27 Meitheamh 2013

The Galway Advertiser – Lár Sráide, Peadar Mac Fhlannchadha