Méid an Téacs

Meabhrúchán faoi Spriocdháta Ghradam!

Feabhra 8, 2017

5c7e3ee1-1da5-4635-9e81-552fea8f738c

Daithí Mac Fhlaithimh and Aisling Ní Shirín, previous Teagascóirí Gaeilge,

visiting the Canadian Gaeltacht in Erinsville, Ontario.

 

Ar mhaith leatsa bheith i do chónaí i gCeanaide mar Theagascóir Gaeilge?

Cuirtear deontais ar fáil gach bliain trí chlár dhámhachtainí ICUF le deis a thabhairt do Ghaeilgeoirí tréimhse a chaitheamh ag obair in institiúidí acadúla i gCeanada, a bhuí le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta.

Tá an-éileamh ar acmhainní Gaeilge i gCeanada, agus tugtar deis do chéimithe le Gaeilge freastal ar an éileamh seo trí thréimhse a chaitheamh ann mar Theagascóir Gaeilge. Is mian leis an bhFondúireacht Teagascóirí Gaeilge a cheapadh do thréimhse naoi mí, Meán Fómhair 2017 – Bealtaine 2018!

Is í príomhaidhm an chláir seo ná tacú le fás agus forbairt na Gaeilge i gCeanada. Cuirtear teagascóirí ar fáil chun an Ghaeilge a mhúineadh taobh istigh den ollscoil, agus chun cabhrú le dul chun cinn na teanga i mbéal an phobail.

Ní mór d’iarratasóirí bheith líofa sa Ghaeilge!

Caithfear iarratas a chur isteach roimh an Luan an 3ú lá déag de Feabhra 2017. Is í an Luan an 13 Feabhra 2017, an spriochdáta i mbliana d’iarratais do Ghradaim ICUF (Fondúireacht Ollscoil Éireann Tá tuilleadh eolais faoi na dámhachtainí, faoi na téarmaí agus coinníollacha, agus foirmeacha iarratais ar fáil ar www.icuf.ie/clar-gaeilge/teagascoiri.Cheanada) 2017-18.