Méid an Téacs

“Tacaíocht Phraiticiúil de dhíth ó theaghlaigh Ghaeilge anois”

Aibreán 30, 2012

Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh an dul chun cinn atá déanta faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le fógairt an Chláir Tacaíochta Teaghlaigh agus Próiseas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht.

Tá tuilleadh soiléirithe fós le teacht ón Roinn áfach maidir le cur i gcrích na mbeartas agus le róil Ranna eile i gcur i gcrích na hoibre seo, go háirithe Ról na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Inné 26 Aibreán, cuireadh sonraí ar fáil den chéad uair maidir leis an gclár tacaíochta teaghlaigh, clár úr a thiocfaidh in áit Scéim Labhairt na Gaeilge ar cuireadh deireadh léi ag deireadh na scoilbhliana seo caite.

Thug an tAire Mac Fhionnlaoich le fios go bhfuil socrú déanta chun feachtas feasachta teanga a thionscnamh i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte trí bhileog eolais, a leagann amach na buntáistí maidir le gasúir a thógáil trí Ghaeilge a chur ar fáil do mháithreacha atá ag súil le páiste nó a bhfuil páiste nuabheirthe acu.

Aithníonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge nach bhfuil sa bheart seo ach ‘túsphointe’ ach deir Stiúrthóir Gníomhach na Comhdhála, Kevin De Barra nach leor eolas a scaipeadh, agus gur gá anois “díriú ar mhodhanna níos praiticiúla chun tacaíocht leanúnach a thabhairt do thuismitheoirí fud fad na tíre a theastaíonn uathu a bpáistí a thógáil le Gaeilge, agus go ndéanfar seo i gcomhar le heagrais atá ag saothrú an ghoirt seo le fada, ar nós Comhluadar”.

“Tá an tacaíocht phraiticiúil de dhíth ó theaghlaigh Ghaeltachta anois mar tá léirithe ag an Staidéar  Teangeolaíoch Cuimsitheach go bhfuil ghéarchéim teanga sa Ghaeltacht faoi láthair”, a dúirt sé.

Fáiltíonn an Chomhdháil roimh fhógra an Aire go ndéanfar forbairt ar Scéim na gCúntóirí Teanga, scéim de chuid na Roinne Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta a thacaíonn le páistí i scoileanna Gaeltachta chun a gcuid Gaeilge a shaibhriú nó a shealbhú.

Beidh Comdháil Náisiúnta na Gaeilge ag áitiú ar an Roinn go gcuirfear oiliúint agus tacaíocht ar fáil gan mhoill do na cúntóirí teanga, mar atá geallta chun rathúlacht na scéime seo ag leibhéal an phobail a chinntiú. D’fhógair an tAire Mac Fhionnlaoich freisin inné go bhfuil tús á chur leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Faoin mBille Gaeltachta 2012 atá le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais níos déanaí i mbliana, déanfar teorainneacha na Gaeltachta a shainmhíniú ar bhonn teangeolaíoch in áit ar bhonn tíreolaíoch mar atá faoi láthair.

Faoin bpróiseas nua a fógraíodh inné, roinnfear an Ghaeltacht i 19 ceantar pleanála teanga faoi leith, agus beidh plean teanga uathúil le dréachtú do gach ceantar acu sin.  Tá molta gur trí na comharchumainn agus na heagrais phobalbhunaithe, a thagann faoi scáth Údarás na Gaeltachta, a chuirfear na pleananna teanga seo i bhfeidhm.

Dar le Kevin De Barra, Stiúrthóir Gníomhach ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, nach bhfuil sé soiléir cén réasúnaíocht a bhain le ceantair phleanála teanga chomh fairsing a roghnú.  Ar cheann de na ceantair seo, tá Cois Fharraige i gConamara, ceantar mór ina n-áirítear achar fada ó Na Forbacha chomh fada siar le Ros an Mhíl, le hoiread éagsúlachta teanga ann, idir Catagóirí A agus Catagóirí C de réir an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Thug an tAire Stáit le fios go gcuirfear oiliúint sa phleanáil teanga ar fáil d’eagrais phobalbhunaithe i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh.  Beidh gá le tuilleadh acmhainní agus tacaíochta, go háirithe acmhainní foirne a chur ar fáil do na heagrais seo a bhfuil cláir oibre dhúshlánacha rompu cheana féin, dar le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ionas go mbainfí spriocanna pleanála teanga.

Preaseisiúint le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge