Méid an Téacs

10 mbliana fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht de réir taighde nua

Bealtaine 22, 2015

Is ar éigean go mbeidh an Ghaeilge á labhairt mar theanga phobail aon áit sa Ghaeltacht faoi cheann deich mbliana fiú má chuirtear i bhfeidhm go hiomlán an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Acht na Gaeltachta, dar le húdair an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsiteach Teangeolaíoch 2007.

Maíonn na húdair gurb ionann feidhm a thabhairt don Straitéis agus don Acht agus ‘gan aon cheo a dhéanamh’ mar gurb é an toradh céanna a bheadh ar an dá rud – ‘bás’ na Gaeilge mar theanga phobail faoi cheann deich mbliana.
Áitíonn Conchúr Ó Giollagáin, duine d’údair an taighde, “go bhfeileann” an Straitéis 20 Bliain agus an tAcht Gaeltachta “na daoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge mar chultúr dara teanga a fhoghlaimítear seachas pobail dúchais atá faoi léigear ag brúnna teangeolaíochta agus sóisialta an aistrithe teanga go Béarla”.

Dar leis an Dr Ó Giollagáin “gur polasaí teanga iar-Ghaeltachta atá ag an Stát ag an bpointe seo” agus scríobh sé cheana go bhfuil polasaí an Stáit don Ghaeilge “clearly moving in the direction of a heritage model”.
Foilsíodh go neamhspleách inné na moltaí nua a bhí le bheith mar chuid den Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsiteach Teangeolaíoch 2007 atá le foilsiú go luath ach ar cuireadh moill air de bharr aighnis faoi mholtaí a bheith déanta ann ag na húdair.

Tháinig an Dr Ó Giollagáin ar ‘comhaontú’ le hÚdarás na Gaeltachta, a choimisiúnaigh an taighde, go bhfoilseofaí na moltaí go neamhspleách.

Moltar sa cháipéis a foilsíodh inné go gcuirfeadh Coimisiún Éigeandála nua cur chuige éigeandála mionteanga i bhfeidhm sa Ghaeltacht faoina ndíreofaí “acmhainní straitéiseacha institiúideacha ar shealbhú na Gaeilge i dteaghlaigh agus i scoileanna”.
Deirtear chomh maith gur cheart feidhm a thabhairt do na moltaí a deineadh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch 2007, cé go n-aithnítear go mbeadh ‘dúshláin mhóra’ i gceist le feidhm a thabhairt do na moltaí céanna.

Moltar, leis, go mbunófaí Coimisiún Stát sa ghearrthréimhse a d’fhiosródh ceisteanna éagsúla faoi fhís an Stáit i leith na Gaeilge mar theanga dhúchais agus faoi dhoicheall an Stáit roimh mholtaí tarrthála teanga áirithe, moltaí an Staidéir Chuimsithigh san áireamh.

Deir údair na moltaí gur cuireadh ‘an fhochaibidil’ i gcló go neamhspleách ar an Údarás “sa chaoi is go mbeadh an deis ag an bpobal moltaí na n-údar a léamh agus go dtuigfeadh an pobal comhthéacs iomlán an taighde”.

Deirtear go léiríonn “an fhianaise atá ag teacht chun solais sa taighde nuashonraithe seo go bhfuil géarchéim na Gaeltachta ag dul in ainseal”.

Bhraith na húdair go raibh “dualgas” orthu dá réir moltaí a dhéanamh “i leith na géarchéime follasaí seo”.
De réir eolais a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, d’aontaigh Coiste Pleanála Teanga an Údaráis ag cruinniú ar an 1 Bealtaine 2014 go raibh sé soiléir ón dréacht-thuarascáil “go raibh géarchéim teanga sa Ghaeltacht”, ach dúradh freisin go raibh nithe ann “a raibh údar dóchais ag baint leo”.

Aontaíodh chomh maith go léiríonn an tuarascáil go raibh “gnéithe áirithe seasmhacha ag baint le treocht na Gaeilge sa Ghaeltacht” sa tréimhse a bhí i gceist.

Dar le húdair na tuarascála “go bhfuil cur chuige i bhfad níos forásaí agus níos uaillmhianaí ag teastáil le dul i ngleic ar bhealach éifeachtach lena bhfuil ag titim amach sa Ghaeltacht faoi láthair ná mar atá á shamhlú le forálacha Gaeltachta na Straitéise 20–Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus Acht na Gaeltachta 2012”.

Scéal ó www.tuairisc.ie