Méid an Téacs

150 focal i dtuarascáil Roinn an Taoisigh faoi 5 bliana den Straitéis 20 Bliain – ‘léiriú ar easpa dáiríreachta’ an Rialtais

Nollaig 11, 2015

Níl ach dhá líne déag, nó 150 focal, sa tuarascáil atá curtha ar fáil ag Roinn an Taoisigh ar an dul chun cinn atá déanta ag an Roinn sin le cúig bliana anuas maidir le feidhm a thabhairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Dar leis an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív go léiríonn tuarascáil nuafhoilsithe Roinn an Taoisigh agus tuarascálacha “gearra easnamhacha” ranna eile nach bhfuil an Rialtas dáiríre faoin Straitéis.

Níl ach 396 focal, nó beagáinín sa bhreis ar leathanach amháin, i dtuarascáil nuafhoilsithe na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe – an Roinn atá freagrach as cur i bhfeidhm pholasaí an Stáit i leith earcú daoine sa státseirbhís a bhfuil Gaeilge acu. Tá sé i measc phríomspriocanna na straitéise go méadófaí líon na ndaoine sa státseirbhís a bhfuil Gaeilge acu.

Chuir Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh fáilte inniu roimh fhoilsiú na tuarascálacha cúig bliana ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ag na Ranna Rialtais.

“Tá lúcháir orm go bhfuil na tuarascálacha seo ar chur i bhfeidhm na Straitéise ó 2010 go 2015 foilsithe inniu ag na Ranna Rialtais go léir, 16 acu san iomlán. Léiríonn na tuarascálacha seo an méid atá déanta faoin Straitéis le cúig bliana anuas. Níl aon dabht ach go bhfuil dúshraith mhaith anseo ar féidir tógáil air don tréimhse cúig bliana ó 2016 ar aghaidh,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh.

Ón lá inné, tá tuarascálacha á bhfoilsiú ag na Ranna Rialtais ar fad ar an dul chun cinn atá déanta acu i dtaobh na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó tháinig sí i bhfeidhm cúig bliana ó shin.

Luaitear i dtuarascáil na Roinne Caiteachais Phoiblí an córas nua a tugadh isteach sa bhliain 2013 a fhéachann le líon na ndaoine le Gaeilge sa Státseirbhís a mhéadú. Tugtar le fios gur triaileadh an córas nua sa bhliain 2014 agus go bhfuil an chéim dheiridh den chomórtas earcaíochta le haghaidh Oifigeach Feidhmiúcháin ar siúl anois. Déanfar athbhreithniú, a deirtear sa tuarascáil, ar an gcur chuige nua bunaithe ar cé mar a éireoidh leis an gcomórtas atá anois ann.

Deirtear freisin ann go n-aithníonn an Roinn Caiteachais Phoiblí ‘go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh líon áirithe baill foirne aici atá líofa sa teanga agus in ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge”. Maítear i scéim teanga nua na Roinne Caiteachais Phoiblí, a gcéad scéim teanga ó bunaíodh an Roinn i 2011, go n-aithneofar na poist lena mbaineann riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge i scéimeanna teanga na Roinne amach anseo.

Ní raibh inniúlacht sa Ghaeilge ina riachtanas d’aon phost i measc na 589 post a líonadh i ranna Rialtais le linn na bliana 2014, de réir eolais a fuair Tuairisc.ie ó gach roinn Rialtais níos luaithe i mbliana.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an mhí seo caite gur ar bhonn deonach amháin atá seirbhísí Gaeilge á soláthar ag roinnt ranna stáit, cleachtas a dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí Brendan Howlin a bhí ar bun ina Roinn féin.

Níos giorra fós atá tuarascáil Roinn an Taoisigh nach bhfuil ach 150 focal ann. Tá an Taoiseach ina chathaoirleach ar Choiste Gaeilge an Rialtais, an coiste rialtais a phléann leis an Straitéis 20 Bliain. Tugtar le fios sa tuarascáil a dhéanann cur síos ar an méid atá déanta ag Roinn an Taoisigh faoin Straitéis le cúig bliana anuas gur éirigh lena n-iarratas ar bhreis seirbhísí Gaeilge ón Aontas Eorpach, iarratas a rinneadh agus síneadh cúig bliana le maolú na Gaeilge sa AE á lorg ag an Rialtas. Deirtear i dtuarascáil Roinn an Taoisigh freisin go n-aithneofar na poist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo sa chéad scéim teanga eile a bheidh ag an Roinn.

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív (FF) le Tuairisc.ie gur léiriú iad na tuarascálacha “gearra easnamhacha” nach bhfuil na Ranna dáiríre faoin Straitéis.

“Is léir nach bhfuil siad á tógáil dáiríre. Tá sé tábhachtach don Dáil nua a thiocfaidh isteach an bhliain seo chugainn go mbeidh coiste láidir a bheadh ar comhsheasamh le coistí eile an Oireachtais, mar atá molta ag Conradh na Gaeilge, ag plé leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht.

“Mar chuid d’obair an choiste sin, bheadh scrúdú bliana le déanamh ar na tuarascálacha ó na ranna ar an Straitéis agus tuarascáil dá chuid féin a réiteach lena bhreithiúnas ar an dul chun cinn atá déanta nó nach bhfuil agus moltaí leis. Bheadh iniúchadh le déanamh freisin ar imscrúduithe an Choimisinéara teanga agus moltaí eile le déanamh bunaithe air sin,” a dúirt an Teachta Dála Ó Cuív.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta freisin gur beag dul chun cinn a dhéanfar sna cúig bliana amach romhainn agus “go mbeidh an scéala céanna ann is a bhí ann le cúig bliana anuas” mura mbíonn dream éigin freagrach as an easpa airde a thugann an Rialtas, dar leis, ar leithéidí mholtaí an Choimisinéara Teanga.

Ba ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an dá Roinn is mó a bhfuil plé acu leis an Straitéis, atá na tuarascálacha is cuimsithí. Tá 12 leathanach i gcáipéis na Roinne Oideachais a phléann an dul chun cinn atá déanta faoin Straitéis i ndeich réimse éagsúla: Oideachas Gaeltachta; Forbairt Curaclaim; measúnacht; Seirbhísí Tacaíochta agus Acmhainní COGG; oiliúint oidí; an Ghaeilge taobh amuigh den scoil; díolúine na Gaeilge; Gaelscolaíocht; an Ghaeilge sa Státseirbhís; agus an Grúpa Ard-Leibhéal Idir-Ranna.

Tá 24 leathanach i gcáipéis na Roinne Gaeltachta agus pléitear inti gnéithe éagsúla den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
D’eagraigh Roinn na Gaeltachta sraith cruinnithe le roinnt seachtainí anuas faoin a bhfuil i ndán don Straitéis. D’iarr Aire Stáit na Gaeltachta inniu “ar na páirtithe leasmhara uilig” aighneachtaí a chur chuig a Roinn faoin bplépháipéar atá foilsithe mar chuid den phróiseas comhairliúcháin céanna.

www.tuairisc.ie