Méid an Téacs

26 gasúr buailte ag cinneadh Bhus Éireann deireadh a chur le seirbhís bus scoile i gCois Fharraige

Lúnasa 18, 2015

Tá cinneadh déanta ag Bus Éireann deireadh a chur leis an tseirbhís bus scoile ó Bhaile na hAbhann soir go Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal.

Ag caint di ar an gclár ‘Idir dhá shéasúr’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, dúirt Príomhoide Choláiste Chroí Mhuire, Tríona Uí Mhurchú, go raibh cruinniú aréir acu sa scoil mar gheall go bhfuil seisear gasúr is fiche buailte de dheasca an chinnidh seo. Dúirt sí nach bhfuil tuismitheoirí na ngasúr atá buailte “sásta ar chor ar bith” faoin gcinneadh agus go bhfuil “frustrachas agus imní” orthu dá bharr.

Duine de na tuismitheoirí sin is ea Uinsionn Mac Dubhghaill, atá ag obair in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua.

Mhínigh Mac Dubhghaill do Tuairisc.ie gur fhógair Bus Éireann an scéala seo i rith an tsamhraidh nuair a chuir siad litreacha chuig tuismitheoirí na bpáistí a bhaineann le hábhar ar an gcéad lá de mhí Iúil. Dar le Mac Dubhghaill gur “cleas suarach” a bhí ann litir a chur chuig tuismitheoirí an tráth sin bliana.

“Bíonn na daoine a dteastaíonn uait labhairt leo ar saoire, rud a fhágann gur le gairid féin atá muid ag plé leis an gceist,” a dúirt sé.

Agus é ag caint ar an raidió níos túisce, dúirt Mac Dubhghaill:

“Mura bhfaighidh muid sásamh idir seo agus deireadh na seachtaine, beidh agóid ar siúl Dé Luain seo chugainn. Tá muid chun carraín asail a aimsiú agus gasúr in éide scoile a chur ann agus cuireadh a thabhairt do lucht teilifíse, preasa agus grianghrafadóirí” a bheith i láthair ann d’fhonn an saol a bhíodh i gConamara sna caogaidí a mheabhrú don phobal agus fiafraí díobh “ab shin an cóir taistil a bheas ag gasúir scoile sa lá atá inniu ann”.

Nuair a fiafraíodh de Mhac Dubhghaill ar maidin cén fáth nach bhféadfaí gasúir thiar a chur chuig scoileanna atá níos cóngaraí dóibh ná Coláiste Chroí Mhuire, mhínigh Mac Dubhghaill go bhfuil cúinsí áirithe ba cheart a chur san áireamh agus cinneadh dá leithéid á chur sa mheá, mar atá, cúrsaí creidimh agus cúrsaí teanga.

Dúirt sé gur “scoil Chaitliceach” é Coláiste Chroí Mhuire agus gurb é “cinneadh an tuismitheora a chuid gasúr a chur chuig scoil a bhfuil éiteas ar leith ag baint leis”. Dúirt Mac Dubhghaill nuair a ardaíodh an pointe seo le Bus Éireann go ndúirt siadsan nach dtagann a leithéid i gceist agus cinneadh á dhéanamh deireadh a chur le seirbhís bus ar leith.

Dúirt sé freisin go ndúradh leis na tuismitheoirí dá mba rud é gur scoil reiligiúnda mionlaigh a bhí i gColáiste Chroí Mhuire nach mbeadh aon deacracht ann – chuirfí seirbhís bus scoile ar fáil, “ach mar gheall go mbaineann sé reiligiún an mhóraimh, níl sé sin chun tarlú”.

Ní raibh aon ionadaí ó Bhus Éireann i láthair ag cruinniú na hoíche aréir sa Spidéal agus deir Príomhoide Choláiste Chroí Mhuire, Tríona Uí Mhurchú, go ngabhfaidh tuismitheoirí áitiúla go Baile Átha Cliath chun bualadh le “ceannasaí Iompar Éireann” agus “leis an Aire [Oideachais]” más gá.

“Tá sé ar intinn againn an bua a bheith againn” a dúirt sí, ag tagairt don agóidíocht atá beartaithe acu a dhéanamh lena chinntiú go gcuirfear an tseirbhís ar fáil an athuair do mhuintir na háite.

Scéal ó www.tuairisc.ie