Méid an Téacs

40 scoil lán-Ghaeilge ar liosta tógála na roinne don chéad 5 bhliain eile – ach éagóir á dhéanamh ar 27% de bhunscoileanna agus 38% d’iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge sa tír gan cóiríocht bhuan

Márta 14, 2012

“Fáiltímid go mór roimh fhógra an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, maidir le cóiríocht scoile nua atá le tógáil sa tréimhse 2012-2015 agus a chinnteoidh timpeallacht fhabhrach oideachais don 40 scoil lán-Ghaeilge i measc na 275 tionscnamh tógála ar an liosta”, a deir Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO., Máirín Ní Chéileachair inniu. “Is iomaí constaic a bhí roimh na scoileanna seo le blianta fada ag lorg cúinsí níos fearr dá bpáistí, agus guímid gach rath ar phobail na scoileanna sin sa ré nua”.

Ba fhógra an-dhíomách é, áfach, don 27% de bhunscoileanna agus 38% de na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge sa tír gan cóiríocht bhuan, nach bhfuil ar aon liosta cóiríochta ag an Roinn agus nach bhfuil mórán dóchais ann go dtiocfaidh feabhas ar a staid cóiríochta.

“Tá géarchéim chóiríochta in earnáil na gaelscolaíochta go leanúnach le blianta anuas” a dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO. “ Tá 60% de na bunscoileanna lán-Ghaeilge a bunaíodh le 25 bliain anuas i gcóiríocht shealadach faoi láthair – sin gan trácht ar scoileanna eile atá tar éis fás ón am a bhfuaireadar foirgneamh buan agus a bhfuil ag úsáid cóiríocht shealadach do chuid den scoil. Níl sé inghlactha go bhfuil scoileanna fágtha gan aon gheallúint ón Roinn go gcuirfear cóiríocht chuí ar fáil dóibh. Maireann scéim nua tógála na Roinne 5 bliana – tréimhse ró-fhada do scoileanna nach bhfuil aitheanta don bhabhta seo. An toradh a bheidh ar seo ná nach bhfágfar aon rogha ag cúpla scoil ach dúnadh mar gheall ar uimhreacha ag titim de bharr drochchúinsí cóiríochta.  ”

I measc na scoileanna sin a fágadh ar lár, tá 7 scoil atá ag fanacht níos mó ná 20 bliain do chóiríocht bhuan, agus ba mhór an buille dóibh fógra an Aire maidir leis an gclár infheistíochta ar luach €1.5 billiún. “Braitheann pobail na scoileanna seo go bhfuil an Roinn ag déanamh neamhaird iomlán orthu agus go bhfuil éagóir á dhéanamh ar na páistí” a dúirt ní Ghréacháin. “Cuireann na socraithe sealadacha cóiríochta atá i bhfeidhm sna scoileanna seo bac iomlán ar fhás na scoileanna, bíonn impleachtaí sláinte agus sábháilteachta ann dóibh agus cosnaíonn siad go daor ar eispéireas na bpáistí”.

Cosnaíonn na socraithe sealadacha cóiríochta go daor freisin ar bhuiséad na Roinne, atá ag íoc cíosa as cóiríocht atá mí-oiriúnach, go minic i seomraí réamhdhéanta atá ag dul chun raice, áit a bhfeadfaí an t-airgead a chaitheamh ar thionscnaimh tógála agus infheistíocht a dhéanamh i dtodhchaí an chórais oideachais. Caithfear deireadh a chur leis na socraithe sealadacha seo agus gníomhú a éileamh ón Roinn ar thimpeallacht sláintiúil foghlama a bheith ar fáil do dhaltaí.

Tá GAELSCOILEANNA TEO. ag lorg cruinniú práinneach leis an Rannóg Pleanála chun cás na scoileanna seo a phlé agus chun an t-éileamh a dhéanamh go dtabharfaí tosaíocht do ghéarchéim staid na cóiríochta i scoileanna lán-Ghaeilge le haitheantas buan atá i gcóiríocht shealadach agus nach bhfágfar na scoileanna seo ag fulaingt níos faide ná mar a d’fhulaing le blianta fada

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.

Nótaí:

Tá liostaí cóiríochta na Roinne le fáil ar www.education.ie.

Tá liosta de na scoileanna lán-Ghaeilge atá san áireamh ar liosta na Roinne ar fáil anseo.

Seo thíos na scoileanna lán-Ghaeilge nach bhfuil ar aon liosta ag an Roinn faoi láthair:

Scoileanna gan cóiríocht buan a bunaíodh sna 1980dí:
1.    Gaelscoil Dhonncha Rua, Sionna, 1984
2.    Gaelscoil Pheig Sayers, Corcaigh, 1984
3.    Scoil Chaitlín Maude, Baile Átha Cliath, 1985
4.    Gaelscoil Sheoirse Clancy, Luimneach, 1986
5.    Gaelscoil Uileog de Búrca, Clár Chlainne Mhuiris, 1989
6.    Gaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí, 1989 (Iarbhunscoil)

Scoileanna gan cóiríocht buan a bunaíodh sna 1990dí:
1.    Gaelscoil Sairséal, Luimneach, 1990
2.    Gaelscoil Uí Choimín, Cill Rois, 1991
3.    Gaelscoil Dhochtúir Uí Shúilleabháin, An Sciobairín, 1993
4.    Gaelscoil Lios Tuathail, Lios Tuathail, 1993
5.    Gaelscoil na Camóige, Baile Átha Cliath, 1993
6.    Gaelscoil Chluain Meala, Cluain Meala, 1994
7.    Gaelscoil Dhroichead na Banndan, Droichead na Banndan, 1995
8.    Gaelscoil Phádraig, Baile Breac, Co. Átha Cliath, 1995
9.    Gaelscoil Eois, Cluain Eois, 1995
10.    Gaelscoil Bhreifne, An Cabhán, 1995
11.    Gaelscoil Chnoc na Ré, Sligeach, 1996
12.    Gaelscoil na Bóinne, Baile Átha Troim, 1996
13.    Gaelscoil Chnoc Liamhna, Baile Átha Cliath, 1996
14.    Gaelscoil Thulach na nÓg, Dún Búinne, 1998
15.    Gaelscoil Charraig na Siúire, Carraig na Siúire, 1998
16.    Gaelscoil na gCeithre Maol, Béal an Átha, 1998
17.    Gaelscoil Phort Laoise, Port Laoise, 1998
18.    Gaelscoil na gCeithre Máistrí, Dún na nGall, 1999
19.    Gaelscoil Bhun Cranncha, Bun Chranncha, 1999
20.    Coláiste Ráithín, Brí Chualann, 1991 (Iarbhunscoil)
21.    Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh, 1991 (Iarbhunscoil)
22.    Coláiste Daibhéad, Corcaigh, 1993 (Iarbhunscoil)

Scoileanna gan cóiríocht buan a bunaíodh ó 2000 ar aghaidh:
1.    Gaelscoil de hÍde, Ros Comáin, 2000
2.    Gaelscoil Chois Feabhail, Bun an Phobail, 2001
3.    Gaelscoil Éirne, Béal Átha Seannaigh, 2002
4.    Gaelscoil Mhúscraí, An Bhlárna, 2002
5.    Gaelscoil an tSlí Dála, Buiríos Mór Osraí, 2005
6.    Gaelscoil Uí Earcáin, Baile Átha Cliath, 2005
7.    Gaelscoil an Choillín, An Mhuileann gCearr, 2006
8.    Gaelscoil na Lochanna, Baile Choimín, 2006
9.    Gaelscoil Uí Drisceoil, Gleann Maghair, 2006
10.    Gaelscoil Chionn tSáile, Cionn tSáile, 2007
11.    Gaelscoil na bhFilí, Gort Inse Guaire, 2007
12.    Gaelscoil Chluainín, Cluainín Uí Ruairc, 2007
13.    Gaelscoil Lorgan, Baile na Lorgan, 2008
14.    Gael-Choláiste Chill Dara, 2003 (Iarbhunscoil)
15.    Gaelcholáiste Luimnigh, Luimneach, 2006 (Iarbhunscoil)
16.    Gaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór, 2006 (Iarbhunscoil)
17.    Meánscoil Gharman, 2006 (Iarbhunscoil)
18.    Gael-Choláiste Phort Láirge, 2007 (Iarbhunscoil)
19.    Gaelcholáiste Chineál Eoghain, Bun Chranncha, 2007 (Iarbhunscoil)