Méid an Téacs

40 scoil nua le bunú sna sé bhliain amach romhainn – an tAire Quinn

Meitheamh 28, 2011

D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., inniu go mbunófar 20 bunscoil nua agus 20 iarbhunscoil nua sna sé bhliain amach romhainn.

Ag fógairt na scoileanna nua dó, dúirt an tAire: “Tá mo Roinnse ag tuar méadaithe de bhreis is 45,050 dalta bunscoile agus 24,900 dalta iarbhunscoile faoi thosach na scoilbhliana 2017/18.

“Chun freastal ar riachtanais an daonra mhéadaithigh páistí atá ag dul ar scoil, caithfimid 40 scoil nua a bhunú maraon le síneadh a chur le roinnt de na scoileanna atá ann cheana.”

As na 40 scoil nua, beidh 17 díobh i gceantar Bhaile Átha Cliath agus 12 eile i i gcrios na gcomaitéirí i gCill Mhantáin, Cill Dara, sa Mhí agus i Lú.

Bunófar sé scoileanna nua i gCorcaí, trí chinn i nGaillimh, ceann i Loch Garman agus ceann sa Chabhán.  (Feic an léarscáil leis seo a thaispeánann suíomhanna na scoileanna nua).

Beidh na scoileanna nua seo mar bhreis ar na seacht bunscoileanna nua a osclaíodh i bhfómhar na bliana 2010.  Bunscoileanna sé déag rangsheomra agus iarbhunscoileanna do suas le 1,000 mac léinn a bheidh iontu de ghnáth.  Meastar gur costas caipitil de tuairim is €380m a bheidh ar bhunú na scoileanna nua agus áireofar roinnt tionscadal Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí sa chlár seachadta.  Beidh tionscadail bhreise sínte scoile ann chomh maith a bheidh ag teastáil chun freastal ar an daonra méadaitheach páistí atá ag dul ar scoil.

D’fhógair an tAire freisin bunú socruithe nua d’aitheantas bunscoileanna agus scoileanna dara leibhéal nua.  Adúirt an tAire Quinn: “Leis an líon suntasach scoileanna nua, beidh deis ann do phátrúin cur isteach ar phátrúnacht na scoileanna seo.

“Tugann na socruithe nua atá foilsithe ag mo Roinnse inniu, cur chuige cothromaithe chun ligint do phátrúin ionchasacha iarratais a chur isteach ar bhunú scoileanna.

“Cuireann na critéir atá le n-úsáid chun pátrúnacht na scoileanna nua a chinneadh béim ar leith ar an éileamh ó thuismitheoirí ar iolrachas agus éagsúlacht pátrúnachta.”

Cuireann an fógra béim arís ar thiomantas an Aire chun feidhmithe luath na dtiomantas i gClár an Rialtais maidir le gluaiseacht i dtreo córais níos iolraí pátrúnachta ag an dara leibhéal.

Tá sé ag tógáil freisin ar an bhFóram faoi Phátrúnacht  agus Iolrachas san Earnáil Bhunscoile a bhunaigh an tAire.

“Is ceart go mbeadh rogha na dtuismitheoirí ag croílár an bhreithiúnais faoin gcineál scoile a aithneofar,” a dúirt an tAire Quinn.

“Deanfaidh na socruithe nua foráil go n-iarrfar ar comhlachtaí pátrúnachta atá ag moladh scoileanna ag an gcéad nó ag an dara leibhéal fianaise faoi éileamh a chur faoi bhráid.”

D’fhógair an tAire freisin bunú an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua a chuirfidh comhairle air faoi phátrúnacht scoileanna nua tar éis dó tuairisc faoi na hiarratais a bhreithniú a chuir an Roinn le chéile.  An Dr. Seamus McGuinness (iar-léachtóir sinsearach i Roinn an Oideachais i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath) a bheidh ina Chathaoirleach ar an nGrúpa agus áiríonn sé chomh maith Ms. Sylda Langford (iar-Stiúrthóir Oifig an Aire Leanaí) agus an tOllamh Seán Ó Riain (Roinn na Socheolaíochta, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad).

Is iad na chéad céimeanna eile i bpróiseas na scoileanna nua seo ná:

  • Cuirfidh an Roinn in iúl go gairid do na comhlachtaí pátrúnachta na sonraí faoi na chéad scoileanna atá le bunú.
  • Is féidir leis na comhlachtaí pátrúnachta iarratais a chur faoi bhráid ansin.
  • Dréachtfaidh oifigigh de chuid na Roinne tuairisc a bheidh bunaithe ar na hiarratais seo a bhreithneoidh an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua agus cuirfidh sé sin tuairisc agus moltaí inti chuig an Aire chun a bhreithnithe.

www.education.ie