Méid an Téacs

93% den airgead deontais Gaeltachta a cheadaigh an tAire McHugh ó thús na bliana imithe chuig Dún na nGall

Feabhra 10, 2016

Ba chóir Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh a thabhairt os comhair Choiste na gCuntas Poiblí chun ceisteanna a fhreagairt faoin scéala gur dreamanna i nDún na nGall a fuair 93% den airgead deontais Gaeltachta atá ceadaithe aige ó thús na bliana.
B’in an méid a bhí le rá aréir ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, faoi eolas atá faighte ag Tuairisc.ie faoi dháileadh na ndeontas atá ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta ó thús na bliana.

De réir an eolais sin, ba ghrúpaí, eagraíochtaí agus tograí i nDún na nGall a fuair os cionn 90% den airgead deontais Gaeltachta a cheadaigh Joe McHugh ó thús na bliana.

Dúirt an Seanadóir O Clochartaigh, atá ag seasamh do Shinn Féin i nGaillimh Thiar – Maigh Eo Theas san olltoghchán, go raibh an baol ann go gceapfadh daoine gur “leas polaitiúil an Aire féin” a bhí i gceist le ceadú cuid de na deontais seo.
Dúirt Ó Clochartaigh go raibh “an-amhras” air féin “go pearsanta” faoin scéal agus d’iarr sé ar an Aire ráiteas a dhéanamh ina thaobh láithreach.

De réir an eolais a chuir an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta ar fáil do Tuairisc.ie, cheadaigh an tAire McHugh deontas do dheich gcinn de ghrúpaí i gcontaetha Gaeltachta ó thús na bliana 2016 agus tá seacht gcinn de na grúpaí sin lonnaithe i nDún na nGall.

B’fhiú €685,054 san iomlán na deontais a ceadaíodh do ghrúpaí i nDún na nGall agus b’fhiú €52,623 san iomlán na deontais a ceadaíodh don trí dream Gaeltachta eile a fuair tacaíocht ón Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta ó thús na bliana.
Ba chuig dreamanna i nDún na nGall a chuaigh ceithre cinn den chúig dheontas is mó a cheadaigh an tAire Stáit ó thús 2016.
Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin le Tuairisc.ie gur scéal “an-tromchúiseach a bhí anseo” agus gur cheart an tAire a thabhairt os comhair Choiste na gCuntas Poiblí i dTithe an Oireachtais “chun fiosrúchán a dhéanamh le fáil amach cén próiseas atá á úsáid aige chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar dheontais.”

An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh
Ba é an deontas is mó a cheadaigh an tAire Stáit ó thús na bliana ná an €485,000 a tugadh d’Amharclann Ghaoth Dobhair. Cheadaigh sé chomh maith deontas €88,064 do Cheiltigh Ghaoth Dobhair chun páirc imeartha do pháistí a fhorbairt agus deontas €57,954 do Scoil an tSratha Mhóir i nDún na nGall chun páirc uile aimsire a fhorbairt.
Ba é an ceathrú deontas Gaeltachta ba mhó a cheadaigh an tAire Stáit ná an €31,636 a thug sé do Choiste Forbartha an Fháil Charraigh chun forbairt a dhéanamh ar an Ionad Pobail ansin.

Ó thús na bliana, cheadaigh an tAire deontais freisin do Scoil Mhuire, Caiseal, Dún na nGall chun trealamh spóirt a cheannach (€2,400) agus do Bhanna Ceoil Mhullach Dubh, Dún na nGall, chun cultacha agus uirlisí ceoil a cheannach (€5,000).
Cheadaigh An tAire McHugh deontas €15,000 do Chomhairle Contae Dhún na nGall d’fhorbairt ‘An Bealach Glas’.
Ba é an deontas is mó a cheadaigh an tAire i gcontae Gaeltachta seachas Dún na nGall ná an €25,000 a d’fhógair sé do Choláiste na bhFiann i gContae na Mí. Fuair Ionad Deirbhile i Maigh Eo €22,623 agus fuair Oifig an Choimisinéara Teanga ar an Spidéal i gConamara €5,000.

Cheadaigh an tAire Stáit sé cinn eile de dheontais d’eagraíochtaí lasmuigh den Ghaeltacht ó thús na bliana. Ba é an deontas is mó acusan ná an €150,000 thar thréimhse dhá bhliain a cheadaigh sé do Raidió Rí Rá i mBaile Átha Cliath. Cheadaigh an tAire deontas €12,813 do Choláiste na nGael i bPáras agus thug sé deontais eile don Chumann Scoildrámaíochta (€5,000), Cumann Merriman (€5,000) Ollscoil Cambridge (€3,218) agus Coláiste Pobail Osraí (€2,300).

www.tuairisc.ie